Airgead á bhailiú ar son Ghaelscoil Aontroma

Tá feachtas Gofundme tosaithe chun tacú le Gaelscoil úr a bhunú i mBaile Aontroma.

Mar chuid den phlean tá Naíscoil na Sailí, a chuirfidh Gaeloideachas a chur ar fáil do pháistí naíscoile ó Mheán Fomhair 2022 ar aghaidh, agus ansin Gaelscoil Aontroma, a osclóidh a doirse ón bhliain acadúil 2023/2024.

Tá sé mar sprioc ag lucht na scoile nua £10,000 a bhailliú ar dtús agus léiriú spéise a fháil ó thuismitheoirí i gceantar Bhaile Aontroma agus Bhaile Raghnaill.

Tá Comhairle na Gaelscolaíochta ag tabhairt tacaíocht agus comhairle don scoil agus tá feachtas áitiúil ann chun tuismitheoirí a chur ar an eolas faoi na buntáistí a bhaineann le hoideachas trí mheán na Gaeilge: scileanna cumarsáide feabhsaithe, deiseanna fostaíochta, tionchar dearfach ar an fhéinmheas agus tuilleadh eile nach iad.

Labhair Meon Eile le Gerard Magee, Leas-Chaitheoirleach Choiste Chairde Dhún Sailí, agus le Treasa Uí Dhálaigh, Ball de Choiste Chairde Dhún Sailí, faoi na pleananna atá acu leis an scoil seo a chur ar an fhód agus faoin éileamh atá ar scoil lán-Ghaeilge sa cheantar.

Thig leat do shuim a leiriú nó airgead a dheonú anseo:

https://www.gofundme.com/f/to-establish-an-irish-medium-school-in-antrim?utm_campaign=p_cp+share-sheet&utm_medium=copy_link_all&utm_source=customer

Close
Close