Acht Gaeilge Fógartha!

Colm Duffin 

Ag cruinniú éigeandála de chuid an DUP ag an deireadh seachtaine, agus tar éis tamall mór comhrá agus seanchais cois coire RHI, tá fógartha ag an DUP gur thacaigh baill uile an pháirtí le hAcht Gaeilge agus go ndéanfar gach dícheall an tAcht a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir.

Ag caint di i ndiaidh an chruinnithe, dúirt Ceannaire an DUP, Arlene Foster, nó 'Arlene Uí Chothaigh an Ghaeilge' mar a thabharfaidh sí uirthi féin feasta, “Is cúis áthais dúinn go mbeidh na cearta atá ag dul do theanga na tíre seo greanta go buan sa reachtaíocht. Is iontach an rud é go mbeidh na cearta céanna ag Gaeil an Tuaiscirt agus go mbeidh an chosaint agus an tacaíocht chéanna ag an Ghaeilge agus atá ag teangacha go leor eile ar fud an domhain.”

Is amhlaidh a cháin an DUP lucht stocaireachta an Achta mar nach raibh éilimh agus scóip an Achta “uaillmhianach go leor”, dar leis.

“Nach iontach an rud é go bhfuil Acht againn faoi dheireadh thiar thall, cuireann sé ola ar mo chroí agus millíní adhmaid ar mo choire RHI. Ach déanta na fírinne, is mór an náire do na páirtithe eile é, agus do gach páirtí leasmhar eile é, go raibh acht chomh beag á éileamh acu. Is é an DUP amháin a sheas an fód ar son acht ceart agus ar ndóigh is ar mhaithe leis an Ghaeilge a rinne muid moill chomh fada sin lena chinntiú nach acht beag bídeach a bheadh againn, mar Ghaeil.”

A bhuí le feachtas foighneach neamhghnímh agus moilleadóireachta an DUP, beidh acht againn anois a chuimseoidh gach gné den saol – beidh Gaeilge ag gach cat, madadh (ní cheadófar san Acht ach leaganacha dílse Ultacha) agus iasc órga, beidh Gaeilge líofa ag gach druma Caora bheag (nó an ‘Lambeg Drum’ dóibh siúd nach bhfuil líofa go fóill) agus is ag Oireachtas na Gaeilge a bheidh gach comhdháil den DUP feasta.

Dúradh chomh maith go bhfuil Paul Giv ‘Em Níos Mó Maoinithe ceaptha ina Ard-Stiúrthóir ar Rannóg Gaeilge an pháirtí agus tugadh le fios go gcuirfear tús le dianphróiseas earcaíochta go luath chun painéal aistritheoirí a chur le chéile.

Ní fios arbh é teas an choire RHI a d’fhág go raibh tine chomh te sin ar chraiceann Uí Chothaigh an Ghaeilge, nó an é go raibh sí ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar na páirtithe freasúra, ach chuir sí in iúl gur “mhaith liom mo chomhghleacaí Gréagóir Cam a mholadh mar Choimisinéir Teanga ar Stormont, nó léirigh sé go paiteanta thar na blianta ag na cruinnithe tionóil go bhfuil ardmheas aige ar an teanga agus go bhfuil tuiscint dhomhain aige ar cad is Gaeilge shaibhir agus foghraíocht chruinn ann.

Cuirfidh moladh seo Uí Chothaigh an Ghaeilge imní ar go leor de lucht gramadaí na Gaeilge, nó i gcaint thábhachtach spreagúil a thug an tUasal Cam uaidh cúpla bliain ó shin - “curry my yoghurt, can coca coalyer” – léirigh sé nach gcleachtann sé an ‘c’ caol ná ‘a’ an tuisil ghairmigh agus go bhféadfadh seo tionchar a imirt ar chanúint agus ar stíl tí Stormont amach anseo.

Rinneadh iarracht dul i dteagmháil le hionadaithe ó na páirtithe eile maidir le cinneadh an DUP ach tugadh le fios go raibh siad go fóill ar laethanta saoire atá “dodhearmadta” ar fad.

__________________

Is aoir atá san alt seo.

Close
Close