50,000 ag ceiliúradh comhionannais agus grá ag Bród Bhaile Átha Cliath

Rinne breis agus 50,000 duine ceiliúradh ar an chomhionannas pósta agus ar an ghrá ag Bród Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn.

Tháinig idir óg agus aosta le chéile chun páirt a ghlacadh sa pharáid. Bhí daoine ag damhsa agus ag ceol agus bhí bratacha bhogha ceatha le feiceáil in achan áit.

Bhí atmaisféar ar dóigh ann agus lánúineacha aeracha ag siúl agus greim lámha acu ar a chéile.

Bhí go leor cultacha éagsúla, idir mhairnéalaigh, shiógaí, aingil, Indiaigh agus ar ndóigh na ríonach galánta draig.

Bhí na grupaí móra LGBT uilig ann mar a bhíonn achan bhliain ach bhí go leor comhlachtaí ag tacú leis an pharáid i mbliana chomh maith, ina measc bhí Linkedin, Yahoo, Airbnb, Yelp, Ebay, Dropbox, Paypal, Microsoft agus Facebook, chomh maith le Citibank, Mastercard, Bank Of Ireland, Halio agus an bhialann Nandos.

Bhí na mórpháirtithe polaitíochta uilig i láthair fosta agus iad ag gabhail buíochais leis na daoine a chaith vóta TÁ sa reifreann.

Ach ní muintir na hÉireann amháin a bhí ag ceiliúradh nó bhí daoine ann ó achan chearn den domhan agus áthas ar mhuintir Mheiriceá ach go háirithe.

Dé hAoine d’athraigh an Chúirt Uachtarach sna Stáit Aontaithe an dlí le cead a thabhairt do lánúineacha aeracha pósadh in achan stáit ar fud na tíre.

Labhair ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill le roinnt daoine a bhí ag ceiliúradh ar an lá, David Norris ina measc.

50,000 ag ceiliúradh comhionannais agus grá ag Bród Bhaile Átha Cliath
Close
Close