'1TEAM2K' - Ardú pá do na hoibrithe sláinte

I mí na Samhna 2019, chuaigh na hoibrithe sláinte uilig i dtuaisceart na hÉireann ar stailc ag iarraidh ardú pá. Bhí na hoibrithe sláinte seo ar ráta pá níos lú ná áit ar bith eile in Éirinn nó sa Ríocht Aontaithe agus bhí siad ag iarraidh fáil réidh leis an mhícothromas. Bhí Unison, chomh maith le roinnt ceardchumann eile, ag troid leis an rialtas ag iarraidh an ardaithe pá agus d'éirigh leo i mí Eanáir na bliana seo caite.

Ansin bhuail COVID, rud a chuir brú ollmhór breise ar oibrithe sláinte, agus tá an brú sin ann go fóill inniu. Agus iad ag freastal ar othair a bhfuil an víreas orthu, tá seans níos mó ann go n-éireoidh oibrithe sláinte tinn, agus tá cuid acu ag cur a mbeatha i mbaol dá bharr.

Tá feachtas níos leithne ann mar sin chun ardú pá níos suntasaí a thabhairt do na daoine sin atá ar an líne thosaigh ó thuaidh agus sa Ríocht Aontaithe. £2,000 sa bhliain atá á chuardach acu agus is láidre an argóint ar a shon sin anois de bharr COVID, cé nach bhfuil an rialtas den tuairim chéanna is cosúil.

Bhuail Meon Eile le Caitlín Ní Chathail ó Unison a bhí ina ball den fhoireann a thosaigh an feachtas ‘1Team2K’ atá ag iarraidh ardú pá £2,000 a bhaint amach do na hoibrithe sláinte. Labhair sí faoin fheachtas agus faoin dochar atá déanta ag COVID-19 agus ag rialtas na Breataine ar an chóras sláinte.

Is feidir dul anseo le tacú leis an fheachtas.

Close
Close