€10,000 buaite ag Raidió Rí-Rá

Bhuaigh Raidió Rí-Rá €10,000 ag na Good Cause Awards a bhíonn á reáchtáil ag an Chrannchur Náisiúnta.

Is stáisiún raidió dhigitigh é Raidió Rí-Rá a chraolann popcheol agus cláracha atá dírithe ar an aos óg.

Bhí an stáisiún ag ag ceiliúradh 10 mbliana ar an bhfód anuraidh. 

Bronntar €10,000 ar na buaiteoirí i sé rannóg éagsúla agus tá mórdhuais €35,000 ann do ‘Cúis Mhaith na Bliana’. Ba é an Children’s Grief Centre i Luimneach a thug leo an duais mhór sin i mbliana. 

Bíonn Raidió Rí-Rá ag craoladh 24/7 ar www.rrr.ie, ar a aip Android agus iOS, agus in áiteanna áirithe ar DAB.  

Close
Close