‘Tí Scannán’ - Cumann scannán úr in Ard Mhacha Theas

Osclaíodh cumann scannán úr darb ainm ‘Tí Scannán’ ar an Mhullach Bán in Ard Mhacha Theas le déanaí agus bhí Meon Eile i láthair ar an oíche chun cuid den atmaisféar a bhlaiseadh.

Tá sé mar sprioc ag ‘Tí Scannán’ scannáin spéisiúla a amharcann ar cheisteanna sóisialta, polaitíochta agus cultúrtha a chur os comhair an phobail in ionad cultúrtha Tí Chulainn.

Beidh scannáin ar nós ‘Boogaloo and Graham’, ‘Grabbers’, ‘Pride’ agus go leor leor eile le feiceáil ar an scáileán ansin sna seachtainí amach romhainn.

Tá comhcheangal ag ‘Tí Scannán’ leis an tionscadal ‘Neighbourhood Touring Cinema’ de chuid an Belfast Film Festival.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar www.tichulainn.com

‘Tí Scannán’ - Cumann scannán úr in Ionad Cultúrtha Tí Chulainn
Close
Close