Filleadh na gcoláistí samhraidh

Le dhá bhliain anuas ní raibh na coláistí samhraidh in ann a gcúrsaí a chur ar fáil mar gheall ar Covid-19 ach tá a ndoirse ar oscailt arís.

Thug Meon Eile cuairt ar Choláiste Bhun an Inbhir i nGaoth Dobhair ar na mallaibh, ceann de na chéad choláistí samhraidh atá ar ais. Labhair muid le Shane Ó Coinn a thug cur síos ar an tábhacht a bhaineann leis na seirbhísí seo do dhaoine óga agus do na ceantair Ghaeltachta araon. De bharr Covid d’éirigh cuid mhór de na mná tí as páistí a choinneáil agus chaill coláistí maoiniú, rud a d'fhág nach raibh siad in ann an méid céanna daltaí a ghlacadh i mbliana.

Tugann na coláistí samhraidh deis ar leith do na páistí Gaeilge a fhoglaim agus a úsáid amuigh den seomra ranga agus iad i mbun gníomhaíochtaí sultmhara faoin aer. Ag Bun an Inbhir is féidir surfáil agus cadhcáil a dhéanamh go fiú.

Close
Close