Sue Pentel agus Ionad Uíbh Eachach

Achan bhliain bronnann Éigse Loch Lao gradam ar dhuine as Béal Feirste a dhéanann obair mhór i bpobal na Gaeilge. Cúpla mí ó shin is ar Sue Pentel ó Ionad Uíbh Eachach a bronnadh gradam 2019.

Rinne Sue cuid mhór éachtaí ar son an phobail, go háirithe daoine óga, ar Bhóthar na bhFál - bhí sí ina measc siúd a bhunaigh Gaelscoil na bhFál, chuir sí an chéad naíscoil ar an bhóthar ar bun agus an chéad seirbhís cúraim lae Gaeilge sa tuaisceart ar fad.

Bhuail Meon Eile isteach ar Ionad Uíbh Eachach agus labhair muid le Sue faoin obair thábhachtach a dhéanann siad ann agus faoi stair an ionaid.

Tá Sue ag éirí as i gceann roinnt míonna mar sin ba dheis iontach é béim a chur ar an tsárobair atá déanta aici i gcaitheamh na mblianta.

Close
Close