Naíscoil an tSratha Báin ag ceiliúradh 20 bliain ar an fhód

Naíscoil an tSratha Báin ag ceiliúradh 20 bliain ar an fhód

Bhí oíche mhór mhaith ag Naíscoil an tSratha Báin ar na mallaibh agus 20 bliain a bunaithe á cheiliúradh acu.

Buníodh an Naíscoil sa bhliain 1994 agus ní raibh mórán airgid acu lena choinneáil ag gabháil mar sin bhí ar mhuintir na háite dul amach agus an t-airgead a bhailliú iad féin. Bhí dúshláin go leor ag baint leis an chur chuige ach bhí pobal an tSratha Báin an-sásta tacú leis an togra Gaeilge.

Anois, fiche bliain ina dhiaidh sin, tháinig Gaeil an cheantair le chéile arís fá choinne oíche mhór céiliúrtha don Naíscoil agus an fhorbairt atá ag teacht uirthi i rith an ama.

Bhí Meon Eile i láthair le fáil amach píosa beag faoi stair na Naíscoile agus, ar ndóigh, le páirt a ghlacadh sa cheiliúradh.

Naíscoil an tSratha Báin ag ceiliúradh 20 bliain ar an fhód

Close
Close