Fochoistí Óige Réigiúnacha Choiste na nGael Óg seolta

Rinneadh lainseáil ar na mallaibh ar thogra úrnua de chuid Choiste na nGael Óg, grúpa daoine óige ón eagraíocht óige, Fóram na nÓg. 

An aidhm taobh thiar den togra nua ná béim a chur ar ghuth an duine óig agus rannpháirteachas a neartú idir Béal Feirste, Ceantar Lár-Uladh, Doire, Cósta Chlochán an Aifir agus na Glinntí. Beidh na coistí ag obair i dtreo riachtanais na hóige ar leibhéal logánta agus réigiúnda. Ar a bharr sin, tá sé de rún ag na coistí forógra óige a sheoladh sa bhliain 2026. 

Tugadh cuireadh do roinnt aoichainteoirí labhairt ar an lá - Chris Quinn, Coimisinéir Thuaisceart Éireann do Pháistí agus Daoine Óga, Paul Deighan, Ceannaire Réigiúnach ar Sheirbhísí Óige don Údarás Oideachais, agus Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Bhí an deis ag Meon Eile freastal ar an imeacht speisialta. Labhair muid le Chris, le Paul, le Caoimhe Nic Cú Uladh, Oifigeach Forbartha na nOibrithe Deonacha le Fóram na nÓg agus Comhordaitheoir Choiste na nGael Óg, agus le beirt oibrithe óige nuacheaptha ag Fóram na nÓg a bheas ag obair ar na fochoistí - Gerard Mac Aonghasa agus Ceara Ní Mhuirí. 

Close
Close