DCU - An Scoil Ghaeilge is Mó sa Tír ag an 3ú Leibhéal

Ní hí an Ghaelscolaíocht amháin a bhfuil borradh tagtha faoi le tamall, ach cúrsaí tríú leibhéal sa Ghaeilge fosta.

Tá an Scoil Ghaeilge is mó sa tír anois in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ó tháinig Fiontar DCU agus Scoil na Gaeilge i gColáiste Phádraig le chéile anuraidh, faoi inchorprú na n-institiúidí sin.

Cuireann an Scoil cúrsaí bunchéime agus iarchéime curtha ar fáil, chomh maith le cúrsaí Gaeilge san oideachas, sna dána agus eile.

Thug Meon Eile cuairt ar thrí champas de chuid DCU ar na mallaibh; Campas Ghlas Naíon, Campas Phádraig agus Campas na Naomh Uile chun blaiseadh a fháil de rath na Gaeilge ó thaobh cúrsaí acadúla agus sóisialta de sa choláiste.

Labhair Meon Eile le Ciarán Mac Murchaidh, Ceann Scoile Fiontar agus Scoil na Gaeilge; Siobhan Seoighe, Oifigeach Gaeilge DCU; agus Ali Spillane, mac léinn Gaeilge agus Iriseoireachta.

Close
Close