Oscailt Aonach Mhacha

An 6 Márta d’oscail Aonach Mhacha a dhoirse go hoifigiúil don phobal. Suite i lár chathair Ard Mhacha, is ionad nua den scoth é a bheidh ina mhol cultúir, teanga agus gníomhaíochtaí Gaelacha sa cheantar.

Agus fás ag teacht ar phobal Gaeilge Ard Mhacha de réir a chéile, bhí cultúrlann de dhíth ionas go mbeadh an pobal in ann cruinniú le chéile agus imeachtaí a chur ar tsiúl. Is le deich mbliana anuas atá siad ag obair ar an togra seo ar shuíomh an tseanstáisiúin dóiteáin. 

Tá seomraí ranga, siopa, amharclann, stiúideo raidió agus oifigí in Aonach Mhacha, agus osclófar caifé ann roimh i bhfad chomh maith.

Bhí Meon Eile i láthair ag an oscailt, áit ar labhair muid le Meghan Mhic Thiarnáin, an feidhmeannach oideachais, agus le Eilís Lavelle, duine de na cláirseoirí a bhí ag seinm ar an oíche.

Tá tuilleadh eolais faoin ionad nua le fáil anseo.

Close
Close