Bronnadh na scéime Scoil Spreagtha 2026

Fuair níos mó ná 15 bhunscoil Bhéarla an stádas Scoil Spreagtha ar na mallaibh ag ócáid bhronnta na scéime in ionad Naomh Comhgall, Bóthar na bhFál, Béal Feirste. 

Leis an éacht a cheiliúradh, bhí cluichí do na páistí agus bronnadh brat agus deimhniú ar na scoileanna a fuair an creidiúnú amach i mbliana.

Is é is cuspóir le Scoil Spreagtha, togra de chuid Gael Linn, an Ghaeilge a chur chun cinn i mbunscoileanna Béarla an Tuaiscirt. 

Tá fás agus forbairt nach beag tagtha ar an scéim, go háirithe agus dhá Fheidhmeannach Oideachais fostaithe acu i mbliana.

Faoi láthair tá 104 scoil ag glacadh páirt i Scoil Spreagtha ar fud an Tuaiscirt.

Labhair Meon Eile le Kathryn de Brún, Príomhoide Scoil Naomh Pádraig, Achadh Camán, taobh amuigh den Lorgain, Contae Ard Mhacha. 

Ba mhúinteoir in earnáil na Gaeilge í Kathryn agus nuair a bhog sí go hearnáil an Bhéarla bhí sí tiomanta an Ghaeilge a chur chun cinn sa scoil s’aici.

D’inis sí dúinn faoin tionchar dearfach a fheiceann sí sa scoil mar gheall ar Scoil Spreagtha, agus an Ghaeilge le cloisteáil ar fud na scoile, fiú i measc fhoireann na scoile agus na dtuismitheoirí.

Labhair Séamas Mac Eochaidh, Bainisteoir Oideachais le Gael Linn, faoin fhorbairt agus dul chun cinn atá déanta ag an scéim agus faoi na spriocanna atá acu don todhchaí. Dúirt sé gur ardú croí a bhí ann na daltaí bunscoile a fheiceáil ag teacht le chéile faoi scáth na Gaeilge. 

Bhí Pól Deeds, an Coimisinéir Gaeilge, i láthair chun na teastais a bhronnadh ar na scoileanna. Mhol sé an obair atá ar siúl ag Gael Linn agus Scoil Spreagtha agus iad ag cur na Gaeilge chun cinn in earnáil an Bhéarla agus ag cur níos mó deiseanna ar fáil do dhaoine óga an Ghaeilge a fhoghlaim. 

Close
Close