Ag filleadh ar ais ar scoil

Beidh idir daltaí, múinteoirí agus foireann na scoile ag filleadh ar ais ar scoil an tseachtain seo i ndiaidh an tsamhraidh. Labhair Meon Eile le roinnt múinteoirí agus daltaí le fáil amach cad é mar a mhothaíonn siad faoi dul ar ais chuig an seomra ranga. 

 Bhí samhradh measartha maith againn in Éirinn ó thaobh aimsir de i mbliana, mar sin bhí neart le déanamh taobh amuigh agus lucht na scoile ar shaoire an tsamhraidh. Thaitin an samhradh le Séamus agus Clodagh ach tá siad réidh anois le dul ar ais ar scoil le bualadh lena gcairde ar fad arís.

Ní bheidh córas na mbulgán i bhfeidhm sna scoileanna nuair a théann siad ar ais i mbliana agus tá áthas ar Chlodagh faoi seo.

Close
Close