13 bliana slánaithe ag The Sunflower

Is ar an 13 Nollaig 2012 a osclaíodh teach tábhairne The Sunflower i gCathair Bhéal Feirste. De réir na Gaeilge tá an pub ina dhéagóir le cúpla bliain cheana féin ach tá sé sna déaga de réir an Bhéarla anois fosta.

Bhí teach tábhairne ar an láthair le breis agus 100 bliain sula dtáinig The Sunflower chun cinn áfach. Tá cliabhán slándála go fóill thart ar an doras tosaigh, iarsma de chuid na dTrioblóidí. Cé nach bhfuil an chosaint sin de dhíth níos mó ar ndóigh, beartaíodh é a choinneáil le stair shóisialta na cathrach a chaomhnú.

Tá rogha iontach de bheoir cheirde áitiúil agus ceirtlis ar fáil ag an bheár. Beidh a fhios ag aon duine atá eolach ar an áit nach ndíoltar Guinness ann, agus go mbíonn Beamish ar fáil ina áit. Chomh maith le deochanna agus smailceanna, is féidir píotsa agus arán gairleoige blasta a fháil ag The Boxing Hare Pizzeria atá taobh amuigh sa ghairdín beorach.

Bíonn ceol beo le cloisteáil ann achan oíche, mar aon le réimse leathan d’imeachtaí thuas staighre. Ón Luan go dtí an Domhnach, beidh rud éigin fóirsteanach do gach duine, ó ranganna Spáinnise saor in aisce, club daoncheoil, oícheanta grinn, club amhránaíochta agus seisiúin ceoil thraidisiúnta, ceol Apaláiseach agus snagcheol. 

Bhuail Meon Eile le beirt ceoltóirí Feirsteacha a bhfuil baint láidir acu le The Sunflower le blianta - Caoimhín Mac Giolla Catháin a bhíonn i mbun an Chlub Amhránaíochta gach Máirt agus le Seosamh Mac Cathmhaoil Mac Ardghail a bhíonn ag seinm sa tSeisiún Trad gach Satharn agus Domhnach. Labhair muid fosta leis na húinéirí, Bob McManus agus Ricky McCallion, faoi cad é mar a mhothaíonn siad féin faoin chloch mhíle shuntasach seo. 

Is féidir The Sunflower a leanúint ar Instagram, X agus Facebook

Close
Close