Seoladh Seachtain Frithchiníochais na Gaeilge Dé Céadaoin ag Spórtlann na hÉireann in Iarthar Bhéal Feirste. Seo í an dara bliain den fhéile rathúil ina gcuirtear imeachtaí spóirt, cultúrtha agus pobail ar fáil do phobal na Gaeilge, do na pobail nua atá i ndiaidh teacht chun na hÉireann nó do dhuine ar bith a bhfuil suim acu i saol agus i gcultúr na teanga.
Bhí an Chéad-Aire Michelle O’Neill i láthair ag an ócáid le caint a thabhairt agus le bualadh leis na rannpháirtithe, rud a chuir go mór leis an lá. Bhí deis ag roinnt daltaí ó Choláiste Feirste a gcuid buanna a roinnt - cheol dalta amhrán i bhFraincis, labhair dalta eile faoi chúlra a clainne ón Liotuáin agus léigh dalta eile dán de chuid Imelda May, ‘You Don’t Get to be Racist and Irish’, agus é aistrithe go Gaeilge acu.
Beidh an tseachtain, ar a bhfuil Fáilte 26 agus atá á heagrú ag Spórtlann na hÉireann agus Coláiste Feirste, ar siúl idir an 2 agus an 8 Feabhra. Beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl - óráidí agus cainteanna, imeachtaí agus comórtais spóirt, damhsa agus imeachtaí do pháistí - agus cuirfear fáilte roimh chách.


