Saoirse na meán i ndiaidh Ionsaithe Pháras

Saoirse na meán i ndiaidh Ionsaithe Pháras

Ciarán Dunbar

Dé Céadaoin na seachtaine seo caite, d’éirigh le beirt ghunnadóir armáilte le raidhfilí de dhéantús Kalashnikov fáil isteach in oifigí na hirise aoire ‘Charlie Hebdo’ i bPáras na Fraince.

Scaoil siad an t-eagarthóir, Stephane Charbonnier, chun báis in éineacht le póilín a bhí mar gharda aige agus naoi mball eile den fhoireann.

Scaoil siad póilín eile, Ahmed Merabet, a bhí ina Mhoslamach mar a tharlaíonn sé, chun báis amuigh ar an tsráid agus é ina luí ar an talamh gortaithe. Bhí a lámha san aer nuair a scaoileadh é faoi bhéal an ghunna.

D’éirigh leo beirt éalú ón láthair.

Tá sé á mhaíomh ag údaráis na Fraince go raibh beirt dheartháir, Cherif agus Siad Kouach, freagrach as an ionsaí agus ghlac na meáin phríomhshrutha leis sin mar fhíric gan cheist agus cuireadh é sin roimh an phobal mar fhírinne.

Bhí an bheirt ghunnadóir ag caitheamh balacláva sna físeáin atá le feiceáil ar na meáin shóisialta.

Maítear go bhfuarthas ID Siad Kouach sa charr a d’úsáid siad chun éalú – bhí an dá ghunnadóir thar a bheith ábalta (agus éifeachtach más cuí an cur síos sin) agus tá amhras ar go leor daoine ar féidir leis gur fhág duine acu ID s’aige sa charr.

Deir Iar-Cheannfort in Óglaigh na hÉireann (Fórsaí Cosanta na hÉireann) gur shíl sé go raibh “i bhfad níos mó” ná traenáil ghnáthshaighdiúra ag na gunnadóirí a d’ionsaigh foireann na hirise.

Dúirt sé liom ar Twitter Dé Céadaoin; “ní inniu a gcéad aicsean. Chrom duine acu síos agus phioc sé piléarlann folamh ón dtalamh. Sin traenáil.”

“[B]hí siad faoi smacht fiú ag tiomáint ón láthair – traenáil, plean, lóistíocht, beart agus éalú.”

Deir Péas na Fraince go ndeachaigh siad sa tóir orthu ar an bhóthar N2 soir ó thuaidh ó Pháras tar éis dóibh carr a ghoid in Montagny Sainte Felicite.

Fuarthas iad i bhfolach i monarcha in eastát tionsclaíochta in Dammartin-en-Goele, 35 km ó Pháras, Dé hAoine.

Tá péas na Fraince ag rá gur tháinig an bheirt amach ón fhoirgneamh, gur scaoil siad ar na péas agus d’ainneoin a gcumas mar a léirigh siad sna dúnmharuithe ag Charlie Hebdo, maraíodh iad go tapa.

Scaoil siad saor giall ní ba luaithe, gortaíodh beirt phóilín sa chath.

Díreach in éis na heachtra sin, fuair ceathrar agus gunnadóir bás nuair a rinne na péas ruathar ar ollmhargadh caisir a bhí faoi smacht ag an ghunnadóir.

Deir na péas go raibh baint ag an duine seo, Amedy Coulibal, leis na deartháireacha Kouach.

Sin mar a tuairiscíodh na heachtraí go dtí seo. Is beag an fhianaise atá ar fáil áfach agus bíonn mearbhall á chur orainn leis an dóigh a gcuirtear scéalta mar seo i láthair.

Cuimhnítear gur léiríodh nach raibh an-chuid de na ‘fíricí’ a cuireadh os ár gcomhar go dtí seo fíor ar chor ar bith – dúradh go raibh RPG ag na fir a d’ionsaigh Charlie Hebdo ach níl aon fhianaise ann go raibh.

Dúradh gur ghlac dalta scoile, Hamyd Mourad, páirt sa chéad eachtra ach níor ghlac – bhí sé ar scoil ag an am.

Mar iriseoir cuimhním ar chás Dhiarmuid O’Neill, ball den IRA a scaoileadh chun báis in 1996 i Londain.

Tuairiscíodh sna meáin gur scaoileadh é le linn ‘chath gunna’ le póilíní.

Is í an fhírinne ná go raibh sé gan arm, go raibh sé ag screadaíl “we’re unarmed,” agus é ina luí ar an urlár ag iarraidh géilleadh nuair a scaoileadh é 6 huaire faoi bhéal an ghunna.

D’ainneoin go raibh otharcharr ar fáil, séanadh cúram leighis láithreach air agus fuair sé bás ar ball.

Rinneadh taifead den eachtra sin, taifead atá cloiste agam. Agus bíonn amhras orm faoina bhfuil a rá ag na péas faoi chásanna dá leithéid ó shin agus cad é mar a thuairiscítear é.

Saoirse na Meán

Tá an t-ionsaí ar an iris Charlie Hebdo á chur i láthair san Iarthar, ní mar ghníomh díoltais mar a mhaígh na gunnadóirí féin de réir cosúlachtaí mar gur fhoilsigh an iris íomhánna magúla den Fháidh Mahamad, ach mar ionsaí ar shaoirse na meán.

Iris aoire é Charlie Hebdo a bhíonn magúil faoi agus ag spochadh as go leor grúpaí ach a raibh dúil ar leith i Moslamaigh acu de réir cosúlachtaí.

Iris ghránna go leor de réir mar a thuigim.

“Ach bhí cuid mhór dá gcuid oibre ciníoch, homafóbach agus Ioslámafóbach.

“Le blianta beaga anuas ba mhinic gur léiríodh daoine den chreideamh Moslamach ar bhealach gránna, le sróna móra agus cuma ar mire orthu.

“Chuirfeadh sé na scigphictiúir de Ghiúdaigh ón Ghearmáin sna 30í, nó d’Éireannaigh in iris Punch Shasana ó lár an 19ú haois, i gcuimhne duit,” a scríobh Francach in alt ar nos.ie.

Agus sin an fhadhb, sin áit a bhfuil an fhimíneacht nó an íoróin. Ní dócha go mairfeadh a leithéid d’iris in Éirinn nó sa Bhreatain idir.

Is é mo thuairim nach mbeadh céad ag iris ábhar ‘Charlie Hebdo’ a fhoilsiú sa Ríocht Aontaithe agus i go leor tíortha eile san Eoraip, chuirfeadh dlíthe in aghaidh ghríosú fuatha cosc air.

Níl a leithéid d’iris in Éirinn, sa Bhreatain nó i dtír ar bith eile a bhfuil aithne agam uirthi, sa Fhrainc amháin a bheadh saoirse ag daoine a leithéid a tháirgeadh.

Dar le halt tuairimíochta san iris ar líne Spiked, mhairfeadh leithéid ‘Charlie Hebdo’ 10 seachtaine sa RA sula mbeadh air druidim de thoradh ar fheachtasaíocht agus ar bhagairtí dlí.

Mar sin, cá bhfuil saoirse na meán?

“Is mise Charlie,” atá á fhógairt ag daoine an tseachtain seo ag iarraidh a ndéistin don ionsaí agus a dtacaíocht d’fhoireann na hirise a chur in iúl ach is doiligh a chreidbheáil go seasfadh na daoine céanna leis in Éirinn.

Go leor de na daoine céanna atá ag scairteach “Is mise Charlie,” bheidís féin ag seasamh taobh amuigh oifigí iris den chineál seo in Éirinn ag agóidíocht, ag eagrú baghcat agus ag gríosú cásanna dlí.

Saoirse cainte?

Is é tuairim an scríbhneora seo gur cheart go mbeadh saoirse cainte iomlán ann, seachas gríosú chun foréigin.

Agus mé i m’eagarthóir ar ‘Gaelscéal’ rinne mé iarracht d’aon chúis cur leis an réimse smaointeoireachta a bhí le léamh i nGaeilge agus réimse leathan den tuairimíocht a chur ar fáil.

De ghnáth, mar fhreagairt air sin, fuair muid comhfhreagras ag gearáin go raibh tuairimí den chineál sin ann ar chor ar bith. Bíonn gach duine ag iarraidh smacht a choinneáil ar insint an scéil.

Tá stair fhada ag an chinsireacht in Éirinn ar ndóigh le hAlt 31sa Phoblacht (agus dlíthe cosúil leis sa RA) beo i gcuimhne na ndaoine.

Nach aisteach a bheith ag cloisteáil le baill de pháirtithe polaitiúla a thacaigh leis an reachtaíocht seo a bheith ag caint faoi shaoirse na meán agus saoirse cainte?

Agus is cuimhin liom go maith nuair a tháinig an t-acadúlaí Siónach (cur síos s’aige féin), Shlomo Izre’el, chuig an Chultúrlann i mBéal Feirste chun labhairt ar athbheochan na hEabhraise.

Chuaigh mé chun na cainte agus is fíor go raibh íde-eolaíocht á fógairt aige nach gcloisfeá go minic san Eoraip.

Bhí agóid ghlórmhar taobh amuigh – daoine saor chun sin a dhéanamh ach lena chos bhí agóideoirí callánacha istigh sa seomra linn – bhí teannas bagartha ann. Cá raibh saoirse cainte mar sin?

Bhí cás clúiteach ann an bhliain seo caite in Christ Church College in Oxford Shasana nuair a d’éirigh le feachtas chun deireadh a chur le painéal cainte déanta d’fhir amháin ar ghinmhilleadh – rinneadh bagairtí go gcuirfí isteach air le “instruments”.

Dar leis an choláiste go raibh baol ann go gcuirfeadh an díospóireacht isteach ar shláinte intinne na mac léin, neacha léinn baininn go háirithe.

An seasann na hagóideoirí sin anois le Charlie Hedbo? Gach seans, ach nach fimíneacht ghlan é sin?

Cuirim ceist orm féin, nuair a bheas dlíthe níos liobrálaí in Éirinn maidir le ginmhilleadh, an mbeidh cead ag daoine teachtaireacht ‘ar son beatha’ a chur chun tosaigh ar chor ar bith (ní cheadaítear an téarma sin i bpíosa nuachta san ‘Irish Times’ a thuilleadh), teachtaireacht atá maslach dar le go leor ‘ar son rogha’?

Tá mé go mór in amhras.

Na meáin mar thargaid

Rinne NATO stáisiún teilifíse agus raidió na Seirbia in 1999 a bhuamáil. Fuair 16 duine a bhí ag obair ann bás. Cháin an International Federation of Journalists an gníomh go láidir.

Mhaigh NATO go raibh sé mar chuid de “struchtúir mhíleata na Seirbia”.

Uime sin, rinne gníomh NATO meáin a namhaid a aithint mar arm cogaidh cé go ndiúltaíonn sé a aithint go n-amharcann sé ar mheáin an Iarthair sa chaoi ceannann céanna.

Bhuamáil SAM stáisiúin teilifíse na hIaráice le linn a n-ionsaithe ar an Iaráic in 2003 le tacaíocht na meán i coitianta i SAM – níor chaith duine ar bith t-léine ag maíomh “is mise teilifíse stáit na hIaráice”.

Scrios fórsaí Iosrael foirgneamh Chorparáid Chraolacháin na Palaistíne in 2002 agus dar le Human Rights Watch; “Sháraigh ceithre ionsaí Iosrael ar iriseoirí agus ar áiseanna meáin i nGaza, le linn na cogaíochta i mí na Samhna 2012, dlíthe na cogaíochta tríd sibhialtaigh agus réada sibhialtacha a thargaidiú nach raibh ag cur go soiléir le hoibríochtaí míleata na bPalaistíneach.”

Thiocfadh liom leanúint ar aghaidh go lá Eoin Dic.

Mar iriseoir, títear domsa gur beag duine a chreideann i saoirse cainte mar is ceart, creideann daoine i gcumhacht, creideann daoine i saoirse dóibh féin, ní do dhaoine eile.

Bíonn sé de nós ag daoine a namhaid a chur ina dtost, bealach amháin nó eile, agus faraor ní eisceacht amach is amach an foréigean a úsáideadh i gcás Charlie Hebdo.

Close
Close