Lánmharcanna do dhaltaí Ionad Tacaíochta Choláiste Feirste

D’éirigh le beirt daltaí a bhíonn ag freastal ar Ionad Tacaíochta Choláiste Feirste na marcanna is airde sa Ghaeilge a bhaint amach sna scrúduithe GCSE.

Ina measc bhí Dubhaltach Mac Conmidhe, dalta a bhfuil pairilis cheirbreach air agus a thugann faoi thuras 40 míle ó dheisceart Dhoire go Coláiste Feirste gach lá.

Ocht ndalta ina iomlán, triúr as Coláiste Feirste ar éirigh leo lánmharcanna a bhaint amach as beagnach 3,000 a thug faoin scrúdú.

Thug Meon Eile cuairt ar Ionad Tacaíochta Choláiste Feirste agus labhair muid leis na mic léinn rathúla faoin ghradam agus faoina gcuid oideachais…

Torthaí GSCE 

Tá Ionad tacaíochta Choláiste Feirste ar an fhód le hocht mbliana anuas. Freastalaíonn an tIonad ar dhaltaí le riachtanais foghlama éagsúla, aspéargar, disléicse agus pairilis cheirbreach ina measc.

Tá bainistíocht an Ionaid ag lorg tacaíocht mhaoinithe sa bhreis ón Roinn Oideachais as siocair go bhfuil orthu féin íoc as cuid mhaith de na seirbhísí foghlama atá á soláthar acu.

Is é an t-aon Ionad dá leithéid a fhreastlaíonn ar an Ghaeloideachas ó thuaidh.

Chaith Meon Eile lá i gcuideachta na ndaltaí agus foireann an Ionaid corradh an ama seo anuraidh. Labhair muid leo faoina ndúshláin fhoghlama phearsanta agus faoina ndóchas don todhchaí.

Ní míchumas atá orm – buntáiste atá ann
Close
Close