Chruinnigh daltaí meánscoile le chéile in Aonach Mhacha, Ard Mhacha do chraobh an chomórtais caint phoiblí, Abair. Is é Gael Linn a eagraíonn Abair agus bhí scoth na gcainteoirí le feiceáil agus le cluinstin ar an lá.
Ba é Ruairí Ó Donnáin duine de na moltóirí ar an chraobh agus labhair sé linn faoin tsárchaighdeán i measc na scoláirí agus an réimse leathan ábhar a bhí ann. Bhí idir cúrsaí reatha, eacnamaíochta, agus polaitíochta á bplé ag na cainteoirí.
Labhair Meon Eile le Póilín Uí Cheannabháin, Feidhmeannach Oideachais le Gael Linn faoin dóigh ar athraigh Abair ó thosaigh sé 28 bliain ó shin. Ón ábhar a phléann na daltaí go dtí an méadú mór i líon na ndaoine agus scoileanna a ghlacann páirt ann, is léir go bhfuil Abair ag fás agus ag forbairt go tréan bliain i ndiaidh bliana.
Seo thíos buaiteoirí Chraobh Abair 2026:
Roinn A
1 Áit: Dearbhaile Kerr - Coláiste an Déin Mhig Oirc
2 hÁit: Harry Ó Cléirigh - Coláiste Mhuire, Dún Dealgan
Roinn B
1 Áit: Aiyanna Mildner - Pobalscoil Ghaoth Dobhair
2 hÁit: Máire Áine Nic Giolla Bhríde - Acadamh Naomh Pádraig
Roinn C
1 Áit: Ethan Ó hAnrachtaigh - Acadamh Naomh Pádraig
2 hÁit: Luke Ó Catháin - Scoil na mBráithre Críostaí, An Ómaigh
Roinn D
1 Áit: Shola Ní Riáin - Pobalscoil Ghaoth Dobhair
2 hÁit: Annie Rís - Coláiste Chaitríona

