Is Fearr le hAontachtaithe Fanacht leis an mBreatain ná leis an Eoraip

Is Fearr le hAontachtaithe Fanacht leis an mBreatain ná leis an Eoraip

Eoin Ó Murchu

Bhí ionadh ar a lán tráchtairí, agus ar roinnt polaiteóirí freisin b’fhéidir, nuair a theip le vóta amháin ar rún a mhol an SDLP sa Tionól go mba chóir stádas mar réigiún speisialta a iarraidh don Tuaisceart ar an Aontas Eorpach.

Vótáil Sinn Féin, Páirtí na Cómhghuaillíochta agus na Glasaigh leis an SDLP, ach vótáil idir an DUP agus an UUP ina choinne.

Staon an bheirt ó Dhaoine Roimh Bhrabús, Eamonn McCann agus Gerry O’Carroll, is d’fhág sin an SDLP gan móramh don rún.

Bhíothas ag ceapadh roimh ré go dtabharfadh an UUP tacaíocht don rún ós rud e gur sheas an páirtí go hoifigiúil ar son fanacht san AE, ach dúirt Mike Nesbitt gur theastaigh uaidh go mbeadh an Tuaisceart ina pháirt iomlán den Ríocht Aontaithe is nach raibh sé ag iarraidh stádas amháin don Tuaisceart agus stádas eile don Ríocht Aontaithe ar fad.

Léiríonn an seasamh seo arís nár vótail Aontachtaithe ar son iad féin a bheith san AE ach ar son an Ríocht Aontaithe a bheith ann, agus caitheann sé aimhreas eile ar an bhfeachtas ag Sinn Féin ag iarraidh leas a bhaint as an vóta ar son fanachta le hathaontú na hÉireann a chur chun cinn.

Creideann Sinn Féin go bhfuil an DUP ag cur isteach ar leas eacnamúil a mbuntacaíochta féin, ach léiríonn scrúdú ar fhigiúirí an Reifrinn gur vótáil os cionn de 60% de vótóirí Aontachtacha ar son Imeachta.

Seans freisin go raibh tionchar ag an gcéatadán sin ar chinneadh Mike Nesbitt faoi rún an SDLP.

Más fíor don anailís a dhéanann Sinn Féin maidir le leas eacnamuil an DUP, is cosúil go mb’fhearr le hAontachtaithe a leas polaitiúil i dtaobh an cheangail leis an mBreatain ná leas eacnamúil ar bith a chuirfeadh an ceangal sin i mbaol.

Tá Sinn Féin fós ag iarraidh feachtas a chur chun cinn ar mhaithe le Reifreann a fhail faoin teorainn fein, agus tá tacaíocht theoranta faighte acu dó sin ó pháirtithe an Deiscirt – cé go mbíonn Fianna Fáil, mar is gnách, ag seasamh ar an da thaobh den chlaí: ag cáineadh Shinn Féin as scéal na teorann a bhrú ar aghaidh agus, ag an am céanna, ag fógairt go gcreideann siad gur chóir leas a bhaint as na vótaí sa Reifreann faoi Bhreatimeacht.

Ach cé chomh láidir is atá lucht molta an AE?

Is mó tráchtála a dhéanann an Deisceart leis an mBreatain ná a dhéanann sé leis an AE agus, mar a mhínigh Cathal Mac Coille le déanai in alt i dTuairisc.ie, ní féidir Éirimeacht a rialú as an aireamh ar fad.

Ní hamháin sin, ach go dtí an Reifreann faoi Bhreatimeacht bhí Sinn Féin ar na páirtithe ba fhuinniúla ag cur in aghaidh an Fhiontair Eorpaigh, agus iad ag vótáil i gcoinne Chonradh Nice, Chonradh Liospóin is Conradh an Chomhaontaithe Fhioscaigh ceann i ndiaidh a chéile.

Dhíol siad an t-athrú poirt ar an argóint faoi athaontú a dhéanamh níos éasca, ach má éiríonn sé soiléir nach n-éireóidh leo sa mhéid sin fágfar baill is lucht tacaíocht ó dheas araon trína chéile.

Sa Tuaisceart féin, cé gur vótáil os cionn 80% dena náisiúnaithe ar son Fanachta, bhí líon íseal vótóirí ann i gcomparáid leis an mBreatain féin: 62.7% sa Tuaisceart (an réigiún ba ísle an líon vótála ar fad) i gcomparáid le 72.2% sa mBreatain.

Tá an chosúlacht ann nár bhac a lán náisiúnaithe le vótail ar chor ar bith.

Mas fíor sin b’fhéidir nach ndéanfaidh sé aon dochar do Dhaoine Roimh Bhrabús gur staon a bheirt theachta sa Tionól.

Níor thug siad aon mhíniú sásúil ámh ar an seasamh, ag rá nach ndeachaigh an rún sách fada agus go mba chóir comhghuaillíocht frithdhéine a dhéanamh ina áit.

Níl a fhios fós an dteastaíonn uathu stádas faoi leith a bheith ag an Tuaisceart san AE nó arbh fhearr leó Éire ar fad a thógáil as.

Fágann an éiginnteacht seo go bhfuil an da scéal – dearcadh na hÉireann i leith an AE agus scéal an athaontaithe – ina gcíor thuathail.

Agus tá an tAE i gcónaí fágtha gan freagra ar an iliomad deacrachtaí atá roimhe.

Ba cheart go mbeadh seans anseo ag Sinn Féin le dúshlán na hEorpa a thabhairt (agus b’fhéidir roinnt Aontachtaithe a thabhairt leo) ach tá an seans sin ligthe le sruth.

Labhair Meon Eile le roinnt trádálaithe ar an teorainn chun a gcuid tuairimí ar imeacht na Breataine ón AE a fháil. Coinnigí súil amach don fhíseán sin amárach.

Close
Close