Chonaic muintir Bhéal Feirste foréigean uafásach sa chathair an tseachtain seo caite. Cuireadh tithe agus feithiclí trí thine, cuireadh teaghlaigh idirnáisiúnta as a dtithe, bhí eagla ar thuismitheoirí an teach a fhágáil le dul chuig an siopa nó lena gcuid bpáistí a chur chun na scoile.
Thit seo uilig amach mar gheall ar ionsaí a rinneadh oíche Dé Luain i dTuaisceart Bhéal Feirste, a d’fhág an t-íospartach gortaithe go holc. Cúisíodh fear as an tSúdáin as iarracht dúnmharaithe. Go luath i ndiaidh an ionsaithe, scaipeadh físeáin den eachtra ar na meáin shóisialta, agus leis sin, spreagadh daoine le dul i mbun ‘agóidíocht’ i gcoinne an ionsaithe. Is ar an phobal inimirceach a dhírigh na hagóideoirí áfach agus lucht na heite deise go mór i gceist san fhoréigean millteanach.
Cuireadh póstaeir in airde ar na meáin shóisialta Dé Máirt agus Dé Céadaoin, ag iarraidh ar ghnónna i mBéal Feirste agus níos faide i gcéin druidim ag amanna áirithe le mbeadh an chathair ar fáil dóibh le ‘oll-léirsiú’ a dhéanamh. Chothaigh seo eagla agus imní nach mór ar fud na cathrach.
Mar fhreagra ar na círéibeacha ciníocha, bhailigh daoine eile le chéile le dlúthpháirtíocht agus tacaíocht láidir a thaispeáint agus a thabhairt do na himircigh agus do na teifigh. In Iarthar na Cathrach, d’fhán neart áiteanna ar oscailt, Gael-Ionad Mhic Goill san áireamh, le tearmann a chur ar fáil d’aon teaghlach nár mhothaigh sábháilte. I measc na ngrúpaí a thug cuidiú i rith na seachtaine, bhí Glór na Móna, PPR (Participation and the Practice of Human Rights) agus Anaka Women’s Collective i mbun gníomh leanúnach, ag seiceáil isteach lena gcairde agus comrádaithe i rith an ama.
Mar fhreagra ar an tseachtain scanrúil shamhnasach a thit amach, d’eagraigh United Against Racism slógadh mór ag Halla na Cathrach Dé Sathairn, áit a raibh thart ar 20,000 duine i láthair le seasamh in éadan an chiníochais sa chathair. Bhí scoth na gcainteoirí ann, ó PPR, Anaka agus eile, chomh maith le polaiteoirí agus an tArdmhéara, Róis-Máire Donnelly.
Tá feachtas bailithe airgid go fóill oscailte ag Anaka Women’s Collective chun tacú leis na daoine agus na pobail atá ag streachailt mar gheall ar na hionsaithe ciníocha. Is féidir tacú leo anseo.


