Comhdháil mionteangacha d’údarais phoiblí in Ollscoil Uladh

Agus Oifig an Choimisinéara Gaeilge ag cur tús le dreachtú na gcaighdeán dea-chleachtais d’údarais phoiblí, Déardaoin seo caite reáchtáil an Oifig agus Roinn Daonnachtaí Ollscoil Uladh comhdháil inar pléadh dea-chleachtais ó thaobh na mionteangacha de.

Bhailigh ionadaithe ó údarais phoiblí éagsúla le héisteacht le Pól Deeds, an Coimisinéir Gaeilge, Lee Reynolds, Coimisinéir do Thraidisiún na nAlbanach Ultach agus na mBriotanach Ultach, agus Efa Gruffudd Jones, Coimisinéir na Breatnaise sa Bhreatain Bheag, agus iad ar phainéal le chéile chun tús a chur leis an lá. Ba dheis í seo dóibh siúd a bhí i láthair foghlaim ó shampla na Breatnaise ó thaobh dea-chleachtas de, comparáid a dhéanamh idir cás na Gaeilge, Albainise Uladh agus na Breatnaise, agus ceisteanna a chur ar na coimisinéirí faoin mhéid ar chóir do dhaoine a bheith ag súil leis nuair a fhoilseofar na caighdeáin anseo ó thuaidh.

Labhair Pól Deeds le Meon Eile i ndiaidh an phainéil faoin chomhdháil féin agus faoi na spriocanna a bhí ag an Oifig agus iad á heagrú.

Chomh maith leis sin, chualathas ó roinnt cainteoirí faoi chásanna na mionteangacha agus na gcaighdeán dea-chleachtais i dtíortha agus réigiúin eile. Ina measc bhí an Dr. Niall Comer ó Ollscoil Uladh, a phléigh an taighde atá idir lámha aige.

Close
Close