60 bliain ó shin, sa bhliain 1966, bhunaigh Brian agus Eithne Vallely Cumann Píobairí Ard Mhacha. Ó shin ar aghaidh, tá an Cumann agus an pobal thart air i ndiaidh fás agus forbairt agus na mílte daltaí i ndiaidh tairbhe a bhaint as.
I measc na gceoltóirí aitheanta a bhfuil baint acu leis an Chumann tá Brian Finnegan, Tiarnán Ó Duinchinn, Ríoghnach Connolly, Conor Mallon, Eilís Lavelle, Niall McKenna, agus neart daoine eile.
Chomh maith le ranganna ceoil agus amhránaíochta gach seachtain, bíonn seisiúin ann gach mí agus i rith na bliana, agus ceolchoirm mhór bhliantúil. Thart ar cheithre huaire in aghaidh na bliana, cuirtear ceolchoirmeacha speisialta ‘Fonn Friday’ ar siúl fosta. Bíonn breis agus 40 rang ar bun do pháistí agus daoine fásta san fheadóg stáin, feadóg mhór, an fhidil, bainseó, bosca ceoil, consairtín, cláirseach, an phíb uilleann agus san amhránaíocht.
Tá clú idirnáisiúnta ar an Chumann as an chaighdeán ard ceoil a chuireann siad chun cinn agus as an ceoltóirí a thosaigh leo. Bíonn fáilte mhór roimh theaghlaigh de gach cúlra agus cumas, agus cuirtear béim air sin, le go mbeidh deis ag gach duine dul i dtaithí ar an cheol thraidisiúnta.
Ón bhliain 1994, tá Féile Phíobaireachta William Kennedy á reáchtáil acu, féile a mheallann na sluaite as gach cearn den tír agus den domhan, idir lucht féachana agus cheoltóirí. Níl aon amhras ann go bhfuil an Cumann mar bhunchloch an cheoil agus an chultúir i gCathair Ard Mhacha.
Bhí an deis ag Meon Eile cuairt a thabhairt ar na ranganna seachtainiúla ar na mallaibh. Labhair muid le roinnt daoine faoin chloch mhíle iontach: Eithne Vallely, chomh maith leis na múinteoirí ceoil Gerry Lappin, Éamonn Ó Corráin agus Paul Bradley.


