Cad is ciall le 'Réitimis-le-chéileachas'?

Cad is ciall le 'Réitimis-le-chéileachas'?

Ciarán Dunbar

Tá na torthaí ó na toghcháin áitiúla ó thuaidh istigh agus tá go leor gnéithe suntasacha le haithint iontu.

Tá Sinn Féin ar an pháirtí is mó ó thaobh céatadáin de; vóta an DUP tite go suntasach cé go bhfuil an méid is mó comhairleoirí acu; meath mall an SDLP ag leanúint leis; ach bhí rath ar an UUP agus níl aon duine ag magadh faoina cheannaire Mike Nesbitt mar a bhí.

Thit vóta Alliance beagán agus thit N121 as a chéile mar pháirtí roimh agus le linn an toghcháin.

Tuairim ar 36 uair roimh an toghchán rinne feidhmeannas N121 cinneadh ollmhór, cinneadh a thug leascheannaire an pháirtí John McCallister ‘crazy’ air, is é sin iad féin a shaincheapadh sa Tionól mar ‘eile’ seachas mar ‘aontachtóirí’ (cé nach féidir leo é a athrú go 2016).

Más aisteach an cinneadh é sin, nárbh ann ach an tús.

Tháinig sé chun solais go raibh fiosrúchán ar bun taobh istigh den pháirtí maidir le líomhaintí i gcoinne an cheannaire, Basil McCrea, go raibh “gníomhaíocht ghnéasach mhíchuí” ar bun aige le bean óg a raibh baint aici leis an pháirtí.

Tá na líomhaintí seo séanta go láidir ag McCrea.

Lean an dráma tubaisteach seo ar aghaidh agus sna nóiméid dheireanacha roimh dheireadh na vótála Déardaoin, fógraíodh gur éirigh daoine as feidhmeannas an pháirtí, le ar a laghad duine amháin acu ag éirí as an pháirtí ar fad.

Ina measc siúd, bhí cathaoirleach an pháirtí agus iarrthóir sa toghchán Eorpach, Tina McKenzie, cé nárbh léir an raibh sí ag éirí as an pháirtí nó nach raibh.

Sheas an bhean ghnó de bhunadh Iarthar Bhéal Feirste do Chomhairle Bhéal Feirste do Bhaile Mhoireil – ní bhfuair sí ach 256 vótaí céad-rogha.

Tá sé tagtha chun solais ó shin go bhfuil sí ag éirí as an pholaitíocht ar fad. Dúirt sí go raibh “an-díomá” uirthi agus nach bhfuil spéis aici sa pholaitíocht níos mó.

Chuir an ráiteas sin an-díomá ar roinnt dá cuid tacadóirí féin agus ardaíonn sé ceisteanna fúithi – an raibh sí díreach soineanta agus í ag dul isteach sa pholaitíocht nó sotalach fiú?

Fuair N121 1.83%, toghadh duine amháin mar chomhairleoir, Johnny McCarthy i Lios na gCearrbhach Thuaidh.

Labhair mé le John McCallister Dé hAoine agus dúirt sé gurb í “foireann an pháirtí an tosaíocht” ag an phointe seo ach mhaígh sé go raibh todhchaí ag an pháirtí.

Ach cheana, ní dócha go mbeidh N121 linn mórán níos faide, d’ainneoin na spéise is an dóchais a chuir na meáin iontu.

Tháinig siad, chonaic siad… chlis orthu agus d’imigh cuid acu abhaile ag tabhairt leo a liathróid – ach an raibh deis riamh acu?

An bhfuil vóta suntasach ann don chineál seo polaitíochta ó thuaidh?

‘Réitimis-le-chéileachas’

Fuair Alliance 6.65% sa toghchán (tite 0.7%) agus fuair an Páirtí Glas 0.88% sna toghcháin áitiúla.

Sin 9.36% san iomlán do na páirtithe ‘eile’ seo – is í an cheist ná an bhfuil aon todhchaí ag ‘réitimis-le-chéileachas’ agus ‘féiniúlacht Thuaisceart Éireannach polaitiúil’ agus an iad siúd an réiteach ar dheacrachtaí an Tuaiscirt i dáiríre?

Chuir eagarthóir an tsuímh thráchtaireachta Slugger O’Toole, Mick Fealty, ceist ar a chuid léitheoirí ar na mallaibh: “So what’s a LetsGetAlongerist, and what’s not?”

Is téarmaí ‘LetsGetAlongerist’ agus ‘LetGetAlongersim’ a úsáidtear, go háirithe ar líne, le cur síos a dhéanamh orthu siúd a mholann, nó a mhaíonn go molann siad, gurb é an rud is tábhachtaí sa tuaisceart ná go réiteoidh an dá phobal le chéile, thar aon rud eile.

Tá téarma Gaeilge le cumadh ar ‘LetsgetAlongerism’ – don bhomaite abraimis ‘réitimis-le-chéileachas’ agus ‘réitimis-le-chéileoir’ ar ‘LetsgetAlongerist’.

Den chuid is mó, aoir atá i gceist – magadh fúthu siúd atá “i lár an bhóthair”, “a dhiúltaíonn don treibheachas” agus srl.

Dúiche polaitíochta N121, Alliance agus an Pháirtí Ghlais atá ann go bunúsach.

Rinne tráchtaire amháin ar Slugger darb ainm Charles Gould cur síos foirfe ar an seasamh:

“LetsGetAlongerist
noun
derogatory

1, An individual who prefers the reconciliation of political differences to the achievement of any specific set of political goals.

Origin: 2010”

Más ‘magúil’ an téarma é is cur síos cruinn é sin ar scair den phobal go cinnte – mar sin féin an féidir a bheith neodrach ar cheisteanna cultúrtha agus bunreachtúla nó an cur i gcéill é sin i ndeireadh na dála?

Is í an fhadhb atá ann ná go mbeidh polasaithe de dhíth luath nó mall ach nuair a léirítear iad beidh seasamh á ghlacadh ag an pháirtí a bheas ar thaobh amháin nó eile den scoilt thraidisiúnta ó thuaidh, agus muise in Éirinn ar fad.

D’éirigh le N121 cad a ba chiall le ‘change’ dar leo a choinneáil faoi cheilt nó gan sainmhíniú a dhéanamh air go dtí an nóiméad deireanach – ghlac siad cinneadh, scoilt siad go láithreach agus chuir siad deireadh leis an aon difríocht shuntasach idir iad féin agus Alliance – ba é sin gur aontachtaithe iad agus gur ‘eile’ iad Alliance.

Tiocfadh ár Lo

Léiríonn sampla eile an deacracht seo.

Cé gur léirigh Anna Lo ón Alliance Party ar na mallaibh gurb í Éire Aontaithe a rogha féin maidir le todhchaí Thuaisceart na hÉireann, ag teacht anuas ar thaobh amháin den chlaí, tá a naimhdeas don Ghaeilge léirithe aici chomh maith, ag rá gur teanga “treibheach” atá inti – ag teacht anuas ar an taobh eile den chlaí.

Dhá sheasamh glactha aici, dhá chineál tacaíochta caillte aici (cé gur éirigh léi vóta Alliance a ardú sna toghcháin Eorpacha go 7%).

Tá polasaí an Alliance Party i leith na Gaeilge i gcoitinne naimhdeach agus níl mórán sa difear idir iad agus na páirtithe aontachtacha.

Tá an méid sin admhaithe ag ball aitheanta dá gcuid, Ian Parsley :

“Although in theory Alliance Party policy is supportive of the development of all minority languages, this support rejects any notion that “indigenous” languages such as Irish and Ulster Scots should be treated any differently from more recently arrived languages such as Cantonese or Polish; and in practice gives such primacy to English that other languages would perhaps be best subtly forgotten.”

Mar sin de an bhfuil Alliance i lár an bhóthair nó neodrach maidir leis an Ghaeilge? Muise, níl. An é sin ‘réitimis-le-chéileachas’ nó ‘éirí as do chultúr agus beidh mé sásta réiteach leat’?

Fiú an Páirtí Glas, tá sé amuigh ar cheannaire an pháirtí ó thuaidh, Steven Agnew, go bhfuil sé i gcoinne na Gaeilge. Uime sin, an bhfuil an Páirtí Glas i lár an bhóthair nó an é go bhfuil bunús cultúrtha Briotánach leo i gcónaí?

Focal Scoir

Cuireann N121/Alliance/An Páirtí Glas ‘treibheachas’ i leith na bpáirtithe eile ach ní éiríonn leo féin éalú ó threibheachas s’acu féin go minic.

Maíonn siad gur gá ‘féiniúlacht roinnte’ a chruthú don dá phobal ach ní léir go bhfuil aon áit d’Éireannaigh Ghaelacha sa chur chuige sin.

An é nach ‘réitimis-le-chéileachas’ atá i gceist i ndeireadh na dála ach ‘réitigh tusa liomsa’ agus cuirfidh mé suas leat?

An é sin an t-aon bhealach chun tosaigh nó an bhfuil bealach eile ann?

Ar cheart difríochtaí (agus éagsúlacht) a mhaolú nó a chothú?

Má chuirtear gach rud a spreagann easaontas faoi chois an bhfuil fíor-athmhuintearas á spreagadh nó an bhfuiltear ag éascú biogóideachais agus éadulaingte ina ionad?

………………………………………………………………………….

Cad é mar a d’éirigh leis na Gaeil sa toghcháin seo?

Chaill Caoimhín Mac Giolla Mhín (SF) a shuíochán i mBéal Feirste, mar a chaill Éamonn Mac Con Mhidhe (SF) (faoin shloinneadh ‘McConvey’).

Ach Gael eile a fuair suíochán Mhic Con Mhidhe, Cadogan Enright, neamhspleách ach ó linn ghéinte an Pháirtí Ghlais.

D’éirigh le Niall Ó Donnghaile (SF) a shuíochán a bhaint in Oirthear Bhéal Feirste, más ar éigean é mar gheall ar athraithe teorannacha.

Bhuaigh Máirtín Ó Muilleoir (SF) a shuíochán ar ais go furasta i mBaile Mhoireil, ní nach ionadh.

Bhuaigh Barra Ó Muirí (SF) suíochán i Sliabh gCuillinn, Deisceart Ard Mhacha.

Bhuaigh Emmet McDonagh-Brown suíochán d’Alliance in Botanic, Béal Feirste.

Toghadh Kevin Campbell (SF) i nDoire, tuigtear dom go bhfuil Gaeilge aige.

Close
Close