Agallamh le Noel Ó Gallachóir

Tá Gradam Stewart Parker 2015 do scríbhneoireacht na Gaeilge bronnta ar Noel Ó Gallchóir. Rugadh agus tógadh Ó Gallchóir i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill.

Tá sé ina chonaí i nGort a’ Choirce le blianta fada agus é ag obair i bPobalscoil Ghaoth Dobhair ó bhí 1977 ann, mar a bhfuil sé ina Phríomhoide ó 1998.

Ba ar son an tseó aonair “Idir dhá cheann na hImní” a thuill Noel an gradam. Tá an dráma bunaithe ar eachtraí as saol agus as scéalta Sheosaimh Mhic Grianna chun agus tugann sé léargas domhain pearsanta ar an scríbhneoir féin.

Is iomaí cineál scéil a scríobh an Griannach agus tugtar gach gné dá shaothar chun solais go healaíonta sa dráma ionraic cumhachtach seo, a bhainfidh idir gháire agus deora as an lucht féachana.

Bhuail Meon Eile le Noel agus é i mbun a chuid oibre i bPobalscoil Ghaoth Dobhair.

Agallamh le Noel Ó Gallachóir
Close
Close