Taispeántas ó Mhúsaem an Ghorta Mhóir i SAM ar camchuairt i nDoire

Is taispeántas saothar ealaíne é 'Coming Home: Art and the Great Hunger' ó Mhúsaem an Ghorta Mhóir in Ollscoil Quinnipiac, Connecticut, SAM ina bhfuil an cnuasach is mó ar domhan d'ealaín ó thréimhse an drochshaoil.

Go dtí seo bhí an taispeántas le feiceáil i mBaile Átha Cliath, sa Sciobairín agus anois beidh sé oscailte do phobal Dhoire go dtí 16ú Márta sa tSeaneaglais (Glassworks) atá anois mar chuid de Chultúrlann Uí Chanáin.

I measc shaothar na n-ealaíontóirí a bheas le feiceáil tá pictiúir agus dealbha le leithéidí John Coll, James Brenan, Jack B. Yeats, Rowan Gillespie, William Crozier agus Lillian Lucy Davidson, agus insíonn siad scéal an Ghorta Mhóir ar dhóigh mhothúlach cheistitheach.

Chomh maith leis sin beidh clár saibhir ilchineálach de cheolchoirmeacha, cainteanna, léachtaí agus imeachtaí eile ag gabháil ar aghaidh i gCultúrlann Uí Chanáin le linn an ama chéanna.

Tuilleadh eolais ag https://www.culturlann.org 

Close
Close