Taispeántas Liam Andrews

Tá saothar an ealaíontóra Liam Andrews le feiceáil i mBéal Feirste faoi láthair i ngailearaí Gerard Dillon i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich.

B’as Bóthar na Seanchille é Liam ó dhúchas agus bhí tionchar láidir ag muintir Bhéal Feirste ar a chuid ealaíon. I bpictiúirí s’aige tá cuimhneácháin áille do stair na cathrach á gcaomhnú. Bhí trí ghlúin de chlann Liam ar an láthair nuair a seoladh an taispeántas le déanaí.

Labhair siad le Meon Eile mar gheall ar ealaín s’aige, a ghrá don teanga agus an fear é féin.

Taispeántas Liam Andrews / Sinéad Ingoldsby
Close
Close