Stair faoi cheilt: oidhreacht Ghaelach Chúige Uladh á cíoradh ag ‘An tUltach’

‘Stair faoi cheilt: oidhreacht Ghaelach Chúige Uladh a fhiosrú trí shúile An tUltach’ is ainm do thogra úr de chuid na hirise stairiúla An tUltach, atá ag cur Gaeilge Uladh chun cinn le breis agus 95 bliana anuas.

Bunaíodh An tUltach in 1924 agus ó shin i leith rinneadh trácht ar na himeachtaí agus ar na hábhar ba thábhachtaí do Ghaeil Uladh le linn tréimhsí geala agus tréimhsí dhorcha trí chéile.

Ar leathanaigh na seanchóipeanna tá taiscí agus seoda a bhaineann le mórcheisteanna shaol na Gaeilge atá go fóill á bplé sa lá atá inniu ann.

Mar chuid lárnach den tionscnamh is déanaí seo iarrfar ar mheithleacha d’oibrithe deonacha, idir óg agus aosta, teacht le chéile chun dul ag tochailt i gcartlann na hirise d'fhonn cuid de na hailt is spéisiúla a aimsiú agus a chur ar fáil do léitheoirí an lae inniu. 

Dúirt Gráinne Ní Ghilín, iar-eagarthóir An tUltach, atá anois mar ina bainisteoir digiteach ar an iris:

“Tá saibhreas mór seanscéalta agus amhrán ann, mar aon le gearrscéalta agus dánta leis na scríbhneoirí Conallacha is clúití ar fad. Is iontach na ceisteanna a bhí á bplé san am a chuaigh thart agus atá go fóill i mbéal an phobail inniu. Tá alt ann in 1972, mar shampla, ar na buntáistí agus míbhuntáistí a samhlaíodh le ballraíocht na Ríochta Aontaithe sa Chomhphobal Eorpach. Tá alt ann sna seascaidí ag moladh deireadh a chur leis an teist aistrithe agus bhíothas ag tuar in 1965 nach mairfeadh an Ghaeltacht ach 10 mbliana eile.”

Reáchtálfar léachtaí poiblí le linn an togra bliana agus déanfar taispeántais fhisiciúla in ionaid éagsúla fud fad Chúige Uladh.

Déanfar digitiú ar chuid den ábhar agus beidh taispeántas ar líne ann fosta ionas gur féidir le daoine blaiseadh a fháil de na féidearthachtaí fadtéarmacha a bhaineann le togra den chineál seo.

Le tuilleadh eolais a fháil, nó le clárú don togra, moltar do dhaoine dul i dteagmháil le fhoireann An tUltach trí na meáin shóisialta ar leathanach Facebook s’acu nó ar Twitter.

Close
Close