Tá ceardlanna amhránaíochta ar an tsean-nós ar siúl i dTuaisceart Bhéal Feirste faoi láthair agus is é Naoise Mac Cathmhaoil atá ina mbun.
Cuirtear na ranganna ar siúl gach Luan in Áras Mhic Reachtain ar Bhóthar Aontroma agus bíonn fáilte roimh dhaoine de gach leibhéal cumais Gaeilge freastal orthu. Thosaigh na ranganna i mí Mheán Fómhair agus tá siad le críochnú i mí na Samhna.
Bhuail Meon Eile isteach ar na ranganna an tseachtain seo, áit a raibh deis againn labhairt le Naoise faoi na ranganna, faoi chúlra s'aige féin leis an amhránaíocht ar an tsean-nós, agus faoin tábhacht taobh thiar de na hamhráin, ó thaobh oidhreachta agus saibhris de, agus go mbíonn siad i mbéal an phobail i rith an ama.