Tá 'Suí 's Scíth’, togra de chuid an líonra pleanála teanga Fís an Phobail, tosaithe i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál an tseachtain seo.
Is grúpa tuistí agus tachrán é seo agus is deis mhaith í do thuistí atá ag tógáil clainne trí mheán na Gaeilge bualadh le teaghlaigh eile atá “ar an aistear chéanna” leo dar le Sorcha Nic Cathmhaoil ó Fís an Phobail.
Le roinnt blianta anuas, bhí Suí ‘s Scíth ar fáil uair in aghaidh na coicíse i nGlór na Móna, ach ba mhó an t-éileamh a bhí ar an imeacht ná mar a bhíothas ag súil leis. Mar sin de, shocraigh Fís an Phobail agus an Chultúrlann obair i gcomhpháirt ionas go mbeidh an tacaíocht ann do na tuismitheoirí gach uile Chéadaoin.
Tá an tionscadal seo “riachtanach” do Miléne Fegan, atá ag stiúradh an tionscadail idir an Chultúrlann agus Fís an Phobail. Is máthair í atá ag tógáil a beirte mac le Gaeilge agus baineann sí agus a páistí sult agus tairbhe as an am a chaitheann siad leis na teaghlaigh eile.
Tá an tacaíocht agus an comhluadar a fhaigheann na tuistí, máithreacha ar shaoire mháithreachais go háirithe, thar a bheith luachmhar ó thaobh na meabhairshláinte de.