Fógraíodh ar na mallaibh go bhfuil Sparánacht Ghradaim Ceoil TG4 don bhliain 2025 faighte ag Oisín Ó Murchú, Erin-Rose Ní Mhaoláin agus Jude Scott.
Bronntar an sparánacht seo go bliantúil ar thriúr ceoltóirí óga a sheinneann ceol traidisiúnta agus atá lonnaithe i mBéal Feirste. Bíonn an sparánacht á reáchtáil ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, a chuireann maoiniú ar fáil di, agus ag Ionad Ealaíon an Duncairn, TG4 agus Red Shoe Productions.
Is í seo an ceathrú bliain den sparánacht, a cruthaíodh i ndiaidh do Bhéal Feirste Gradam Ceoil TG4 a óstáil ar feadh cúig bliana agus go ndearnadh Cathair Cheoil UNESCO den chathair.
Bhuail Meon Eile isteach chun labhairt le hOisín, fear óg ó Scairbh na gCaorach, Co. Muineacháin a sheinneann an bainseó, an maindilín agus an giotár. Phléigh sé a chúlra agus na deiseanna atá anois amach roimhe mar gheall ar an sparánacht.