Siúlóid Ghaeilge ar son na cúise

Siúlóid Ghaeilge ar son na cúise / Sarah de Búrca

Eagraíonn an Chraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge siúlóid i gCraigavon gach bliain.

Téann an t-airgead bailithe do chostais reáchtála na craoibhe, do na ranganna agus do chothú an fhoirgnimh. I mbliana bhí an tsiúlóid ar siúl Déardaoin 27 Meitheamh.

D’fhág an grúpa Cumann Chlann na nGael ar Shráid Phroinsias, ar an Lorgain, chuaigh siad thart an loch in aice le Comhairle Craigavon agus ar ais arís.

Bhí bia ar fáil i nGaeláras Ailf Uí Mhuirí ar Shraid Thuaidh ina dhiaidh agus bhí deis ag daoine teacht le chéile le haghaidh píosa craic agus comhrá.

I mbliana beidh céilí mór ar siúl sa cheantar don chéad uair ar 23 Lúnasa agus tá an pobal áitiúil ag súil go mór le teacht le chéile eile arís trí mheán na Gaeilge.

Close
Close