Seoladh ‘Makaronik’ le Dave Duggan

Údar bisiúil as Doire é Dave Duggan a bhfuil leabhair, drámaíocht raidió, drámaí ardáin agus scripteanna scannáin scríofa aige. 

Tá cuid mhór duaiseanna buaite aige agus ainmníodh an scannán ‘Dance Lexie Dance’, a scríobh Duggan, i measc na ngearrscannán is fearr ag na gradaim Oscar in 1998.

Sa bhliain 2012 thug Dave script dá dhráma Makaronik don chompántas Aisling Ghéar, agus bhí rath nach beag ar an léiriú.

Anois tá leagan úrscéil den pholta todhchaíoch scríofa ag Dave, agus seoladh an leabhar i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar na mallaibh.

Bhí Meon Eile ansin le labhairt leis an údar féin agus le Bríd Ó Gallchoir ó Aisling Ghéar.

"Úrscéal suite i bhfo-ionad sonraí, i nDoire, ar imeall na hImpireachta, sa bhliain 2584. Na rudaí is tábhachtaí san Impireacht ná dualgas agus dílseacht. Níl an focal “rogha” san Empirish, teanga na hImpireachta. Tagann Diarmuid and Gráinne, oifigigh mheánchéime de chuid na hImpireachta, leis an fho-ionad a dhruidim agus an t-oifigeach bunchéime, Makaronik, a thabhairt ar ais go dtí an Lár leo. Sin an dualgas s’acu. Níl aon rogha acu. Ach diúltaíonn Makaronik dul leo. An bhfuil an rogha aici?”

“Rogha? Cad é sin?”

Tá an leabhar ar fáil ón Cheathrú Póilí ar £9.50. Nasc thíosluaite:  

https://www.anceathrupoili.com/en/shop/makaronik/

Buíochas le Aisling Ghéar a thug cead do Meon Eile cartlann dá gcuid a úsáid don fhíseán seo.  

Close
Close