Agallamh le Damian McCann, Stiúrthóir 'Doineann'

Rabhadh: Tá íomhanna splanctha san fhiseán seo.

Seoladh 'Doineann' san Odeon i gcroílár Bheál Feirste ar na mallaibh, fadscannán de chuid Doubleband Films a fuair tacaíocht mhaoinithe ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge, BBC Gaeilge agus TG4.

Labhair Meon Eile le stiúrthóir an scannáin, Damian McCann, faoin phróiseas a bhí acu ó thús go deireadh leis an scannán a thabhairt a fhad leis an scáileán. Thug sé leargas ar na cinntí a bhí le déanamh aige maidir le haisteoirí agus suíomhanna a roghnú chun an sprioc dheiridh sin a bhaint amach. Tá scannáin ar nós 'Doineann' ag cur le dul chun cinn an teanga agus bua mór é fadscannán Gaeilge a fheiceáil sa phictiúrlann.

Tá tuilleadh eolais faoi 'Doineann' le fáil anseo: https://www.doublebandfilms.com/doineann

Close
Close