Is iontach an ceol a bhí le cluinstin i dTí Chulainn ar an Mhullach Bán ar na mallaibh agus an fhéile Sean-Nós Ard Mhacha Theas ar siúl don tríú bhliain i ndiaidh a chéile.
Bhí idir óg agus aosta ann le linn an lae ag freastal ar cheardlanna agus ar chomórtais éagsúla. Is í an eagraíocht áitiúil Ghaeilge, Gaelphobal Ard Mhacha Theas, a bhíonn i mbun na féile, atá ag fás achan bhliain.
Thug Meon Eile cuairt ar chomórtas Corn Mhic Cumhaigh do dhaoine fásta agus labhair muid le buaiteoir an choirn, Aighne Ní Chadhain.
D’inis Aighne dúinn faoi aistear s’aici leis an sean-nós agus í ag ceol ó bhí sí ina páiste óg in éineacht lena seanmháthair. Luaigh sí fosta an t-atmaisféar thar a bheith dearfach a bhí ann agus achan iomaitheoir ag tabhairt tacaíocht dá chéile.
Is í Máire Ní Choilm, amhránaí mór le rá as Tír Chonaill, a bhí i mbun moltóireacht ar an chomórtas taobh le hAntaine Ó Faracháin, amhránaí aitheanta as Baile Átha Cliath. Labhair Máire faoin chaighdeán ard a mhothaigh sí le linn an lae agus í faoi dhraoícht ag na ceoltóirí uilig.
Mhol sí Aighne a bhuaigh Corn Mhic Cumhaigh chomh maith leis an obair atá déanta ag Gaelphobal Ard Mhacha Theas.
Seo iad torthaí Chorn Mhic Cumhaigh:
1ú: Áighne Ní Chadhain, Leitir Mucú, Casla
2ú: Róise Nic Corraidh, Béal Feirste
3ú: Bláithín Mhic Cana, Ard Mhacha Theas