Scríbhneoirí an tSléibhe 2021

Chuir Glór na Móna in Iarthar Bhéal Feirste dhá sheachtain déag de cheachtanna scríbhneoireachta ar fáil do mhuintir Uachtar Chluannaí ar na mallaibh. Is imeacht bliantúil é 'Scríbhneoirí an tSléibhe' a eagraítear mar chuid d'Fhéile na gCloigíní Gorma agus a thugann deis do dhaoine dánta, úrscéalta agus liricí amhrán a chumadh. Agus na ceardlanna déanta acu, bhuail na scríbhneoirí uilig le chéile i nGael-Ionad Mhic Goill agus léigh siad a gcuid saothar ar ardán. 

Labhair Meon Eile le hOdhrán de Rúiséill, a thosaigh mar theicneoir Zoom ar na ceachtanna ach a fuair spreagadh ón chomhrá agus ón chruthaitheacht le tosú ar na ceachtanna é féin. Labhair muid fosta le Chrissie Poland, a rinne jab iontacha ina cuid iarrachtaí ar an chúrsa, agus le hEdel Ní Churraoin, a bhí i láthair mar amhránaí ar an oíche. 

Beidh Glór na Móna ag cur tús le ceachtanna scríbhneoireachta eile trí Gaeilge go luath - is féidir breis eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh leo anseo.

Close
Close