Scoil Samhraidh Cheoil Thraidisiúnta Bhéal Feirste 2018

Tá deireadh tagtha leis an dara Scoil Samhraidh Cheoil Thraidisiúnta a bhí ar siúl i gcroílár chathair Bhéal Feirste i rith na seachtaine seo caite, agus is léir gur éirigh leis an fhoireann tógáil ar an rath mór a bhí ar na himeachtaí anuraidh.

Cuireadh le líon na gceardlann, na léachtaí, na seisiún ceoil agus na gceolchoirmeacha, agus mealladh ceoltóirí mór le rá agus foghlaimeoirí as gach cearn den tír - amhránaithe, fidléirí agus cláirseoirí - rud a d'fhág go raibh scoth an cheoil le cluinstin i gCeathrú na hArdeaglaise.

Chuaigh Meon Eile chun tuairimí a fháil ar an scoil samhraidh óg seo!

Close
Close