Scoil Gheimhridh, TradFest Bhéal Feirste 2023

Bhí Scoil Gheimhridh TradFest Bhéal Feirste ar siúl ar na mallaibh agus bhí réimse leathan imeachtaí ar siúl, ó cheolchoirmeacha agus ceardlanna go seisiúin cheoil. Bhí 350 dalta cláraithe don deireadh seachtaine.

Bíonn cuid mhór réamhoibre agus pleanála i gceist le Féile ollmhór mar seo a chur i láthair. Mar sin bhí foireann dhíograiseach chruthaitheach ag obair air le sé mhí anuas, amhail Dónal O’Connor, an Stiúrthóir Ealaíne, Patricia Murray, Léiritheoir na Féile agus Chloe McGregor, Cuntóir na Féile.

Bunaíodh Belfast Summer School of Traditional Music in 2015. D’aithin an fhoireann ag an am go raibh éileamh ann do scoil ceoil thraidisiúnta sa chathair i rith an tsamhraidh agus cuireadh leis an choincheap sin in 2019 nuair a leathnódh é go Belfast TradFest.

Thóg foireann TradFest le chéile na heagraíochtaí uilig a bhí bainteach leis an cheol tradisiúnta sa chathair, amhail BelfastTrad, Andersonstown Music School, Glengormley School of Traditional Music agus an RSPBA (The Heart of the Pipe Band World). An phríodhaidhm a bhí acu ná spás traschultúrtha agus trastraidisiúin a chruthú, áit a dtiocfadh daoine le chéile trí mheán an cheoil traidisiúnta agus a mbeadh ar fáil agus oscailte d’achan duine. Is cinnte gur éirigh leo seo a bhaint amach!

I rith na dianghlasáil, d’aithin Dónal agus an fhoireann go raibh géarghá le rud éigin a eagrú le daoine a tharraingt amach. Bhí féilte eile curtha ar ceal sa chathair agus rinne siad an cinneadh ansin féile a eagrú (laistigh de choicís!) Thaitin sé an oiread sin le daoine go ndearna siad arís é i mbliana, agus nach méanar dúinn!

Ba mhór an pléisiúr é do Mheon Eile freastal ar chuid de na himeachtaí thar an deireadh seachtaine. Labhair muid leis na ceoltóirí Séamus Ó Flatharta, Caitríona Ní Ghribín agus Piaras Ó Lorcáin. Bhuail muid fosta le Dónal O’Connor le níos mó eolais a fháil faoin Fhéile go ginéaralta.

Beidh Scoil Samhraidh TradFest ag tarlú ag deireadh mhí Iúil i mbliana, agus is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo

Close
Close