Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy - Fiche bliain ag fás

Bhí oíche ar dóigh in Ionad Cois Locha i nDún Luiche oíche lá na bliana úire ag ceolchoirm de chuid Altan. Tá Altan ag bualadh ceoil ar an lá seo san ionad céanna le fiche bliain anuas mar pháirt den Scoil Gheimhridh in ómós don cheoltóir Frankie Kennedy.

Tá beagnach fiche bliain anois ann ó d’fhág muid slán leis an sárcheoltóir Frankie Kennedy. Ag labhairt le Mairéad, dúirt sí gurbh fhear umhal a bhí ann, agus nach gcreidfeadh sé ariamh go mbeadh a leithéid d’fhéile ar siúl ina onóir gach bliain.

Is í Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy buaicphointe na bliana fá choinne go leor daoine.

Ag labhairt leo siúd a ghlac páirt sa scoil gheimhridh an chéad lá, tá an chuid is mo acu ag teacht chuig an fhéile leis na blianta anuas agus cuid acu ag taisteal chomh fada ar shiúl leis an tSeapáin agus SAM.

Bhí Scoil Gheimhridh na bliana seo an-tábhachtach as siocair gurb í an ceann deireanach a bhí ann.

Fiche bliain ag fás, ach dúirt Mairéad go ndearna siad an cinneadh anuraidh chun deireadh a chur leis agus é i mbláth.

Tá sárobair déanta ag an choiste thar na blianta, tá an scoil gheimhridh tar eis fás agus forbairt chomh maith le bheith ag spreagadh an chéad ghlúin eile de cheoltóirí óga, macasamhail ‘The Friel Sisters’ a sheol a gcéad dluthdhiosca ag an Scoil Gheimhridh i mblianna.

Rud a sheasann amach faoin Scoil Gheimhridh ná go bhfuil meas mór acu ar an cheol traidisiúnta agus is cinnte go mbeidh an oidhreacht sin le mothú sna blianta amach romhainn.

scoil gheimhridh Frankie Kennedy
Close
Close