Scéalta ón bPailistín - seoladh leabhair

Bhailigh daltaí scoile as Béal Feirste le chéile sa Chultúrlann ar na mallaibh chun seoladh leabhair dar teideal ‘Scéalta ón bPailistín’ a cheiliúradh.

Is toradh é an leabhar seo ar thionscadal é a eagraíodh idir Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Ollscoil Birzeit ar an Bhruach Thiar sa Phailistín. Tá seacht scéal ann ón Phalaistín a aistríodh ón Araibis go Gaeilge. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo tuiscint a chothú idir páistí in Éirinn agus sa Phailistín trí mheán na scéaltaíochta.

Labhair Meon Eile le Gráinne Ní Ghilín, Eithne O’Connell, Máire Uí Dhufaigh agus Dónall Mac Giolla Chóill faoin leabhar agus faoin ócáid.

Thig leat tuilleadh eolais agus PDF saor in aisce den leabhar a fháil anseo.

Close
Close