Éagsúlacht go leor ag Q-Con XXV

Bhí Meon Eile i láthair ag an 25ú leagan den chomhdháil bhliantúil Q-Con ag Ollscoil na Banríona an deireadh seachtaine seo caite.

Déanann Q-Con céiliúradh ar gach rud a bhaineann le físcluichí, an popchultúr agus anime, le béim ar léith curtha ar an fheistimirt, nó 'cosplay'.

Le himeachtaí ar siúl i rith an deireadh seachtaine ar fad, tugann an chomhdháil seo deis shóisialta do dhaoine áitiúla bualadh le seanchairde agus daoine nua agus iad gléasta ar nós na gcarachtar is fearr leo.

Is cinnte gurb é seo ceann de na himeachtaí is éagsúla dá bhfuil ann i gceantar Bhéal Feirste!  

Close
Close