Polaitíocht na Foghraíochta

Polaitíocht na Foghraíochta

Déanann Ciarán Dunbar plé ar an chineál Gaeilge atá á labhairt in Éirinn inniu agus cén bhaint a bheas idir an Ghaeilge a labhrófar amach anseo agus teanga ár sinsir.

Is minic a bhuail fear nó bean as Gaoth Dobhair le duine ar an bhóthar agus gur dhúirt an té sin; “Taa shay foor.”

Ní dheachaigh an comhluadar ar aghaidh mórán níos faide agus is i mBéarla a bhí sé.

Gach seans gur glacadh mar mhasla é sin ach gach seans chomh maith nár thuig an cainteoir dúchais cad a dúirt an Gaeilgeoir ar an ábhar nár aithin sé nó sí na fuaimeanna.

‘Gaelscoilis’, ‘Gaeilge na Jailtachta’, ‘Feirstis’, ‘Pidgin Irish’, ‘Book Irish’ – is iomaí téarma atá againn do Ghaeilge ‘neamhthraidisiúnta’.

Ach tá mé den tuairim go bhfuil roinnt mhaith tuairimíochta polaitiúla i bhfolach taobh thiar dóibh, ní teangeolaíocht amháin atá i gceist.

Trí huaire anois a chuala mé an abairt seo a leanas as béal náisiúnaigh:

“Is ball é do Shinn Féin ACH tá Gaeilge mhaith aige.”

Ní fios dom cé chomh coitianta is atá sé ach is léir dom go gcreideann cuid daoine go bhfuil Gaeilge níos fearr ag baill den SDLP, mar shampla, ná ag Sinn Féin.

An fíor é sin ar chor ar bith?

Más fíor, cén fáth?

Nó an mbaineann an cheist le scoilt níos ciotaí agus níos doimhne ná an pholaitíocht – an mbaineann sé le cúrsaí aicme?

Tá ailt léite agam ag déanamh cur síos ar ‘scoilt’ ar féidir bheith ag teacht idir Gaeilge na Gaeltachta agus caint na cathrach.

Cé go sílim go bhfuil áibhéil éigin á déanamh tá mé in amhras gur féidir cumarsáid idir sean-chainteoirí dúchais agus roinnt cainteoirí rialta ón Ghalltacht.

Dar liom tá áibhéil á déanamh mar iarracht ag corrdhuine iad féin a thaobhú leis an chainteoir ó dhúchas i gcath samhalta idir iad agus foghlaimeoirí.

 

Tugaim ‘pseudo-natives’ orthu sin a dhéanann iarracht iad féin a chur le chéile leis an ‘sinn’ atá ina gcainteoirí dúchais i gcoinne ‘iad’ nach bhfuil ina gcainteoirí dúchais – d’ainneoin Béarla ó dhúchas bheith acu féin.

 

Agus ar ndóigh, ní ceist dhubh agus bhán í seo – is iomaí duine a tógadh le Béarla sa Ghaeltacht, agus tá corrdhuine sa Ghalltacht a tógadh le Gaeilge.

 

Ach ní i leith na bhfoghlaimeoirí amháin a chuirtear líomhaintí na ‘drochGhaeilge’.

 

Táthar ann atá ag cur na ceiste – an fiú an Ghaeilge atá fós á labhairt sna Gaeltachtaí fós shábháil ar an ábhar go bhfuil sí truaillithe an méid sin ag an Bhéarla agus go bhfuil cuid mhaith dá saibhreas caillte?

 

Mar sin féin, más lag an seachadadh teanga idir ghlúnta sa Ghaeltacht, is beag dóchais atá le fáil sa Ghalltacht, cé gur féidir go bhfuil feabhas tagtha ar chúrsaí in oirthear na tíre le blianta beaga anuas.

 

Thiocfadh dó gur ceist theoiriciúil í seo ar fad.

 

Ag scríobh dó san Irish Times in 2010, thagair Brian Ó Broin do mhuintir na Gaeltachta ar lámh amháin agus cainteoir cathrach ar an taobh eile :

 _

“The two groups, while nominally speaking the same language, have almost no points of contact. They prefer to tune each other out or speak English with each other, rather than use Irish together. This seems to have all the hallmarks of a separation …. we can only wait to see what sort of Irish the next generation of urban speakers will have. Will the urban variety become its own dialect of Irish, or grow further apart from its Gaeltacht cousin, becoming a Creole or new language?”_

Chuala mé an argóint, beagnach 20 bliana ó shin i mBéal Feirste, go bhfuil dhá theanga ag forbairt anois atá scartha óna chéile.

Chuir gníomhaí amháin i leith aicme iomlán d’athbheochantóirí go raibh siad ag cumadh a dteanga nua féin go díreach agus nár Ghaeilge í ar chor ar bith.

Bheadh bun-difríochtaí polaitiúla (agus aicme) idir an duine sin agus ‘lucht cumtha na Gaeilge nua’ dar leis áfach – is doiligh éalú ó thionchar na polaitíochta títear dom.

Is iomaí duine a chuaigh i dteagmháil liom maidir leis an alt seo … “a fhad is nach n-úsáideann tú m’ainm.”

 

Cén fáth a bhfuil sé chomh conspóideach sin?

 

Dúirt gníomhaí amháin liom, “Creidim féin gur féidir le cainteoirí dúchais agus nua-chainteoirí foghlaim óna chéile ar dhóigheanna éagsúla: dúchas, nádúr, blas, foghraíocht agus comhréir an chainteora dhúchais ar thaobh amháin, agus fonn forbartha agus stór focal agus díograis agus dúthracht an nua-chainteora ar an taobh eile.

 

“An t-aon dream amháin nach dtugaim mórán éisteachta dóibh ná na daoine sin a bhíonn ag síor-mholadh cainteoirí dúchais agus ag síor-mhaslú nua-chainteoirí lasmuigh den Ghaeltacht.”

 

Agus mé ar ollscoil bhí orainn staidéar agus cleachtadh a dhéanamh ar fhoghraíocht na Gaeilge, nó phonetics mar a thug muid air go neamheolaíoch.

Ghlac mé leis an ábhar sin le fonn cé nár éirigh liom máistreacht a fháil air.

Ach mhothaigh mé ag an am nárbh amhlaidh an cás le roinnt mhaith de mo chuid cairde as Béal Feirste, go háirithe iad siúd a d’fhreastail ar Ghaelscoileanna.

Bhí siad den tuairim nach raibh aon ghá leis na ceachtanna seo – go raibh Gaeilge Bhéal Feirste acu agus nach raibh aon ghá lena “ceartú”.

Chonacthas é mar ionsaí ar a bhféiniúlacht, gurb ionann é agus a rá nárbh ‘bhlas’ Éireannach é a mblas nádúrtha féin.

An amhlaidh an cás in ollscoileanna Bhaile Átha Cliath?

Tuairim

Caithfidh mé a admháil, in amanna agus mé ag éisteacht le Gaeilge dhaltaí Gaelscoile gur cheistigh mé m’ídeolaíocht féin – d’fhiafraigh mé díom féin, an fiú seo?

 

An fiú an Ghaeilge seo? An Gaeilge í fiú?

 

Níl mé compordach sin a rá, faoistin é sin a chuirfeadh isteach ar chairdeas.

 

Gach seans áfach go mbaineann sé sin le mo thuiscint phearsanta ar cad is Gaeilge ann – claonadh mo chluaise féin.

 

Dar ndóigh, tá rogha ag an duine, ní gá dom labhairt cosúil leatsa, ní gá duit labhairt cosúil liomsa ach mura bhfuil muid ábalta an duine eile a thuiscint ní féidir cumarsáid eadrainn.

 

Cluinim an tuairim go minic go síleann daoine gur thóg sinsear s’acu an Béarla gan ar a laghad roinnt den fhuaimniú a thógáil chomh maith – creideann siad go maireann fuaimeanna na Gaeilge i mBéarla s’acu.

 

Níl ann ach rian na fírinne sa tuairim sin dar liom ach tá sé ábhartha agus mé ag teacht chuig focal tábhachtach sa scéal seo – ‘blas’.

 

Ach ní hionann blas agus fuaimeanna teanga.

 

Is féidir blas Bhéal Feirste bheith ag duine agus fuaimeanna na Gaeilge bheith acu agus muise tá aithne agam ar dhuine nó beirt le blas Thír Chonaill nach bhfuil foghraíocht na Gaeilge acu.

 

Caithfidh múinteoirí is léachtóirí Gaeilge bheith fuarchúiseach agus iad ag míniú na rudaí seo do dhaoine agus foghlaim cén dóigh gan cur isteach ar a bhféiniúlacht.

Is ar an oide atá an dualgas rudaí a mhíniú mar is ceart.

Ar an taobh eile, caithfidh lucht foghlamtha a ghlacadh go bhfuil (go bunúsach) trí ghné ann le foghlaim teanga – gramadach, foclóir agus fuaimeanna.

Ní féidir an dá cheann a thaitníonn leat a phiocadh amach.

Mura bhfuil daoine sásta dul i mbun foghlamtha ar an fhoghraíocht, bíodh acu ach caithfidh siad a thuiscint go mbeadh deacrachtaí ag an chainteoir dúchais iad a thuiscint.

Tá an teanga dhúchasach ann go fóill is caithfear géilleadh di.

Caithfidh lucht foghlamtha bheadh intuigthe do chainteoirí dúchais, chan a mhalairt.

Ach sílim chomh maith go mbaineann eilimintí d’fhoghraíocht na Gaeilge leis an mheon cultúrtha.

Mothaím nach mbíonn náire ar dhaoine Gaeilge a labhairt le fuaimeanna an Bhéarla ach go mbíonn siad míchompordach le fuaimeanna na Gaeilge – go mbíonn náire chultúrtha i gceist.

Ach seans gur ionann an cás agus teanga á foghlaim i gcónaí?

 

Comhthuiscint idir an cainteoir dúchais agus an foghlaimeoir, sin é croí na ceiste domsa.

 

Mura féidir teanga a úsáid ar mhaith le cumarsáid, is beag a fiúntas.

 

Mura bhfuil foghlaimeoir ábalta cainteoirí ó dhúchas a thuiscint nó a mhalairt – an féidir a rá gur ag foghlaim do theanga dhúchais atá tú?

 

An fiú teanga nua a chumadh nuair atá teanga bhreá againn cheana?

Close
Close