Tábhacht na Nollag do pháistí Ghaelscoil na Móna


Sa tsraith úr nollaigiúil seo beidh Meon Eile ag labhairt le páistí bunscoile ar ábhair éagsúla a bhaineann leis an Nollaig.

Le tús a chur leis an tsraith agus aimsir na Nollag ann, thug muid cuairt ar Ghaelscoil na Móna i mBéal Feirste le tuairimí s’acu a fháil ar an am speisialta seo. Phléigh siad an obair a dhéanann Daidí na Nollag, na rudaí a dhéanann siad gach bliain lena dteaghlach agus an tábhacht leis an cheiliúradh. Agus chan siad ‘Bualadh Bos’ dúinn!

Coinnigh súil ar Meon Eile le linn mhí na Nollag leis na físeáin eile sa tsraith seo a fheiceáil.

Close
Close