Pósadh Diwali agus Samhain

Tá an t-am sin don bhliain linn arís nuair a fhágann muid slán leis an samhradh agus ullmhaíonn muid don gheimhreadh romhainn.

Sa lá atá inniu ann ní thugann cuid mhór againn an t-athrú seo faoi deara ach san am a chuaigh thart bhí an-tábhachtach leis anseo in Éirinn agus san India chomh maith.

Déanann muintir na hIndia ceiliúradh ar feadh cuig lá le feile na soilse a gcuireann siad ‘Diwali’ air.

Níl dabht ar bith go bhfuil muid inár gcónaí i dtír ilchultúrtha anois le daoine óna iliomad tíortha eile ag cur fúthu agus ag tógáil a dteaglaigh anseo, le seo tá muidinne mar tír ag fáil i dtaithí le chultúrtha agus traidisiúin difirúla.

Mar bharr na héagsúlachta seo tá traidisiúnta na nGael láidir fós agus féile na Samhna an-tábhachtach, féile a dhéanann ceiliúradh ar dheireadh an fhómhair.

Leis an dá fhéile seo a cheiliúradh agus le ceangal a dhéanamh idir cultúir na hIndia agus hÉireann, d’eagraigh POBAL agus ArtsEkta ócáid in Amharclann Mhuileann Mhic Chonmhidhe ar na mallaibh agus iad ag céiliúradh phósadh ‘Diwali’ agus ‘Samhain’.

Oíche den scoth a bhí ann le neart damhsa agus ceoil agus an dá chúltúr fite fuaite in achan pháirt den tsiamsaíocht.

Bhí ceol ó Padraigín Ní hUallacháin, Dónall Ó Connor, Macdara Ó hUllacháin- Graham, chomh maith le Mukesh Sharma agus Daniel Pershwic agus damhsa ó Damashóirí ArtsEkta.

pósadh Diwali agus Samhain
Close
Close