An mórléiriú 'Aisling?' ar camchuairt

Bhí Aisling? - mórléiriú ardáin de shaothair nuachoimisiúnaithe ó scoth na n-ealaíontóirí Gaeltachta - á léiriú ar fud na tíre an Fómhar seo mar bhuaic ar Bhliain na Gaeilge 2018.

Mar chuid den chamchuairt náisiúnta léiríodh Aisling? i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ag an deireadh seachtaine agus rachaidh siad ar aghaidh anois go Doire agus críochnóidh siad i nGaeltacht na Mí i Ráth Chairn. 

Léirithe agus stiúrtha ag an drámadóir aitheanta Darach Mac Con Iomaire, tugann Aisling? an pobal ar thuras machnamhach ealaíne chun scéal na nGael agus na Gaeltachta a chíoradh go taibhsiúil le ceol, filíocht, damhsa agus na fís-ealaíona.

Curtha i láthair ag Ealaín na Gaeltachta, is léiriú eisiach é Aisling? de shaothair nuachumtha ó chuid de mhór-ealaíontóirí comhaimseartha na Gaeltachta: ceoltóirí, filí, scríbhneoirí, dearc-ealaíontóirí agus cumadóirí, ina measc:

Mairéad Ní Mhaonaigh, Dún na nGall, Amhránaí/Fidléir

Seán Ó Flaithearta, Inis Mór, Amharc-ealaíontóir/Dearthóir

Pól Ó Ceannabháin, Conamara, Amhránaí/Cnaguirlisí

Méabh Ní Bheaglaíoch, Corca Dhuibhne, Mileoidean/Amhránaí

Ciarán Ó Maonaigh, Dún na nGall, Fidleoir/Taibheoir

Johnny Óg Connolly, Conamara, Mileoidean/Cumadóir

Caoimhín Ó Fearghail, An Rinn, Píobaire/Fliúiteadóir/Basúcaí

Eoghan Mac Giolla Bhríde, Dún na nGall, Scríbhneoir/Taibheoir

Róisín Seoighe, Conamara, Amhránaí/Damhsóir

Sorcha Ní Chéide, Conamara, Aisteoir/Damhsóir

Eoin Geoghegan, Conamara, Aisteoir/Taibheoir

Tá níos mó i gceist le Aisling? ná oíche cheoil agus ealaíne áfach – spreagann agus dúisíonn sé spiorad pobail i ngach lucht féachana a bhreathnaíonn air trí bheith mar nasc cruthaitheach chuig an ionracas ealaíonta a thug inspioráid do cheannairí físeacha 1916. Tugann Aisling? cuireadh do phobail na hÉireann nascadh in athuair lena ndúchas, lena n-oidhreacht agus lena bhfuil in ann dúinn mar phobail, le scoth an cheoil agus na healaíne nuachumtha ó scoth na n-ealaíontóirí Gaeltachta.

Tuilleadh eolais ar http://aisling2018.com 

Close
Close