Minimal Human Contact: dearcadh úr as Gaeltacht uirbeach Iarthar Bhéal Feirste

Tá an compántas drámaíochta Aisling Ghéar ag fáil réidh an tseachtain seo dá sheó nua atá suite i nGaeltacht uirbeach Béal Feirste, ‘Minimal Human Contact’, le Naoise Ó Cairealláin, an rapálaí duaiseach Moglaí Bap.

Is léiriú aonair é seo a thaispeánann aistear duine atá ag streachailt le handúil sa chearrbhachas agus an choimhlint atá ag dul ar aghaidh in intinn féin s’aige. Is seó fíorspéisiúil agus cumhachtach é agus beidh aistriúchán Béarla de ann ar an lá fosta.

Thug Meon Eile cuairt ar na cleachtaí deireanacha agus labhair muid le Bríd Ó Gallchoir, Seán T. Ó Meallaigh agus Naoise Ó Cairealláin faoin phróiseas ullmhúcháin atá acu agus an dúshlán a bhíonn ann maidir le seó aonair go háirithe.

Beidh ‘Minimal Human Contact’ le feiceáil ón 20-24 Meán Fómhair an Amharclann an Smock Alley i mBaile Átha Cliath. Ansin tiocfaidh sé ó thuaidh go Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste ón 26 Meán Fómhair go dtí an 1 Deireadh Fómhair.

Close
Close