Lí Bán agus Loch nEathach

Mar pháirt de thionscadal a bhí faoi stiúir Mháire Zepf agus Dhéagláin Uí Dhoibhlin, tháinig sé Ghaelscoil ó lár Chúige Uladh le chéile chun scéal speisialta a insint.

Is é a bhí ann ná seanscéal draíochta faoin chéad mhaighdean mhara i litríocht na hÉireann, Lí Bán Loch nEathach.

Chaith Máire Zepf cúpla lá le páistí sna Gaelscoileanna agus iad ag forbairt píosaí difriúla den scéal. 

Bhí gach scoil ag obair ar a gcuid féin den scéal agus ní raibh an scéal iomlán ar eolas ag aon ceann acu go dtí gur tháinig siad le chéile in Ionad Seamus Heaney i mBaile Eachaidh, Contae Dhoir, leis an léiriú a chur ar ardán.

Bhí Meon Eile i láthair ar an lá bríomhar le scéal Lí Ban a chluinstin...

Close
Close