Leabhar Úr Myra Zepf - Rita agus an Lampa Draíochta

Thug Meon Eile cuairt ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich ar na mallaibh le seoladh Rita agus an Lampa Draíochta a fheiceáil. Cuireadh seó den scoth ar fáil do na páistí (agus do na tuismitheoirí ar ndóigh) a d'fhreastail ar an imeacht. Bhí ealaín, ceol agus píosa beag draíochta ann chomh maith nuair a thug ginid an lampa é féin cuairt ar an imeacht. Bhí siamsaíocht agus spraoi i ngach coirnéal den seomra.

Sa leabhar úr, téann muid ar eachtra nua le Rita, í lán le smaointe móra, agus í ag samhlú saol le ginid.

Labhair Meon Eile le húdar an leabhair, Myra Zepf, a bhí ar bís leis an leabhar a sheoladh faoi dheireadh i ndiaidh di fanacht bliain go leith faoina choinne. Anuas air sin, labhair muid le hAndrew Whitson, maisitheoir an leabhair, a thug ceachtanna ealaíne do na páistí.

Tá an leabhar ar fáil ar shuíomh An tSnáthaid Mhór agus is féidir cóip a fháil anseo.


Close
Close