Lá Fhéile Bríde á cheiliúradh ag an Chultúrlann

Bhí ceardlann maidir le crosóga Bhríde ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiach Lá Fhéile Bhríde agus bhí Meon Eile i láthair le léargas a fháil ar an cheird ó Mháire Geraghty.

Labhair muid le daltaí Ghaelscoil na bhFál maidir le bheith ag foghlaim faoi stáir na crosóige agus faoina déanamh. Léirigh siad lear mór suime sa cheardlann agus i gcrosóg a dhéanamh iad féin.

Mhínigh Sinéad Nic Colaim, Oifigeach Oideachais Óige na Cultúrlainne, cad chuige ar cuireadh an cheardlann ar bun agus thug sí blaiseadh de na himeachtaí eile a bheidh ar siúl sa lárionad le linn an earraigh.

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo faoin chlár Imbolc https://www.culturlann.ie/media/1938/cl%C3%A1r_imbolc_2022-2.pdf

Close
Close