Gradaim Cheoil NÓS 2015

Gradaim Cheoil NÓS 2015

Tháinig na Gaeil le chéile sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath oíche Shathairn agus Gradaim Cheoil NÓS á reachtáil den chéad uair ariamh.

Bhí 26, idir cheoltóirí agus bhannaí, san iomaíocht i seacht rannóg éagsúla ar an oíche.

Bhí ceol den scoth ó thús deireadh, ina measc bhí Imlé, Clann Mhic Ruairí, Dysania, Doimnic Mac Giolla Bhríde, Lauren Ní Chasaide, Eve Belle agus an rac-ghrúpa Rís.

Is iad Gradaim Cheoil NÓS na chéad ghradaim le diriú isteach ar an ceol comhaimseartha Gaeilge.

Duirt eagarthóir nos.ie, Tomaí Ó Conghaile, go raibh sé “tábhachtach go mbíonn muid ag cothú agus ag cur chun cinn an cheoil thraidisúnta i gcónaí ach go raibh sé chomh tábhachtach céanna go mbeadh an ceol comhaimseartha á chur chun tosaigh fosta.”

“Bhí sé thar am go mbeadh aitheantas faighte ag na ceoltóirí agus bannaí sin, agus go mbeadh deis cheiliúrtha acu ar na heachtaí atá déanta acu le linn 2015,” arsa Tomaí

Saroíche cheoil a bhí ann agus bhí sé soléir gur bhain achan duine a bhí i láthair sult millteannach as.

Is léir go mbeidh Gradaim Cheoil Nós anois mar bhuaicphointe i bhfeilire ceoil na nGael.

Tá a fhios againn go bhfuil muidine ag dúil go mór leis an bhliain seo chugainn cheana féin.

Tá liosta iomlán na mbuaiteoirí le fáil thíos.

Gradaim Cheoil Nós

LIOSTA IOMLÁN NA mBUAITEOIRÍ

AMHRÁN NA BLIANA: Solas – Eve Belle

ALBAM NA BLIANA (NUACHEOL): Suas Síos – Kíla

ALBAM NA BLIANA (AMHRÁIN THRAIDISIÚNTA): Sona do Cheird – Doimnic Mac Giolla Bhríde

FÍSEÁN NA BLIANA: Tine na nGael – TG Lurgan

NUÍOSACH NA BLIANA: IMLÉ

BANNA / CEOLTÓIR NA BLIANA: Seo Linn

GIG BHEO NA BLIANA: Rís – An Taibhdhearc, Gaillimh, Márta ’15

Close
Close